“Isé an gníoṁ calma is gnáṫ le ríġ Caisil a ḋéanaṁ agus ní h-é an gníoṁ meaṫta,” arsa Mac Conglinne. “Troisgfir an oíḋċe seo ċun Dé, a ríġ," ar seisean. “D’á ṁéid an fulang iseaḋ is mó an ċalmaċt. Agus b’ḟéidir go dtaḃarfaḋ Dia an buaḋ ḋuit ar an naṁaid seo atá ag déanaṁ an toirmisg go léir ort. Caṫ croḋa i n-aġaiḋ do naṁad iseaḋ an trosgaḋ so a ḋéanfair anoċt. Níor airiġeas riaṁ fós gur staon ríġ Caisil ó ċaṫ a ṫaḃairt do naṁaid, pé neart a ḃéaḋ sa naṁaid ná pé cruaḋtan a ḃéaḋ sa ċaṫ. Nuair a ġeiḃeaḋ sé an buaḋ sa ċaṫ ní ḃíoḋ cuiṁne aige ar an gcruaḋtan."
D’ḟeuċ Caṫal ar Ṁac Conglinne.
"Is iongantaċ an duine ṫú!” ar seisean. “Is fíor do ċaint. Nuair a ġeiḃtear an buaḋ ní ḃíon cuiṁne ar ċruaḋtan an ċaṫa. Má ṫroisgim an oíḋċe seo is dóiċ liom gur b’é mo ḃás a ṫiocfaiḋ dé."
"Is minic a ṫugais aġaiḋ ar an mbás, a ríġ,” arsa Mac Conglinne, “agus níor airiġeas riaṁ gur ḋéinis dé aċ neaṁníḋ."
"Tá agat, a ṁic léiġinn!” arsa Caṫal. “Tá an t-ocras a’m stollaḋ agus a’m stracaḋ istiġ ionam aċ bíoḋ aige. Fuilingeóċaimíd é."