Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/80

From Wikisource
This page has not been proofread.
72
An Craos-Deaṁan.

“Dar mo ḋeḃroṫ,” arsa Caṫal, “ní raḃṫas riaṁ níos measa, agus ní béiḋfear go bráṫ."

"Is ró ḃeag an iongnaḋ tú ḃeiṫ go h-olc, a ríġ," arsa Mac Conglinne. “Tá deaṁan istiġ ad’ ġoile le trí leaṫ ḃliaġanaiḃ anois agus é ag déanam an uile ṡaġas díoḃála ḋuit, a’d ṁilleaḋ agus a’d ṁoṫuġaḋ ar gaċ aon tsaġas cuma. Is ró ḃeag an iongnaḋ, a ríġ, an sgéal a ḃeiṫ go h-olc agat. Aċ feuċ, a ríġ. Seo rud atá iongantaċ go leór. I n-aiṁḋeóin an deaṁain atá istiġ ad’ ġoile d’ḟanais oíḋċe gan biaḋ ċun duine boċt gan áird mar mise do ṡaoraḋ ó ḋíoḃáil anama. Ba ṁór an gníoṁ é. Ba ríoga an gníoṁ é. Aċ do ḋéinis é, a ríġ. Agus feuċ. I gcaiṫeaṁ na dtrí leaṫ ḃliaġan níor ḋéinis oiread an méid sin do ríġ Caisil!"

"Cad é an fuadar é seo anois fút, a ṁic léiġinn? Nó cad ċuige go ḃfuilir?” arsa Caṫal.

"An gníoṁ a ḋéinis, a ríġ, ar ṁaiṫe le duine ċóṁ suaraċ liom-sa ba ċóir go ndéanfá é ar ṁaiṫe le duine ċóṁ ríoga le ríġ Caisil, agus ar ṁaiṫe leis an Muṁain, agus ar ṁaiṫe le h-Éirinn go léir. Déin an gníoṁ uasal, a ríġ. Do ṫroisgis aréir ar mo ṡon-sa. Troisg anoċt agus troisgfeam go léir i n-aonḟeaċt leat, ’ġá iaraiḋ ar Ḋia caḃair a ṫaḃairt duit agus tú ṫaḃairt saor ó’n ndroċ níḋ atá ag imirt ort, a’d ṁilleaḋ féin agus ag milleaḋ do ríġeaċta agus ag milleaḋ do ṁaiṫeasa."

"Ná h-abair é, a ṁic léiġinn, ná h-abair é!” arsa Caṫal. “Ḃí an oíḋċe aréir dian, aċ ba ṡeaċt ndéine ḃéaḋ an oíḋċe anoċt."

"Ná h-abair-se sin, a ríġ,” arsa Mac Conglinne, "aċ déin an rud is gnáṫ le ríġ Caisil a ḋéanaṁ."

"Cad é an rud é sin?” arsa Caṫal.