This page has not been proofread.
52
An Craos-Deaṁan.
Ṁeasadar, luaṫ nó mall, go n-éalóċaḋ sé uaṫa nuair a ḃéaḋ an sgeíṁle fáġalta aige, díreaċ mar éaluiġ- eaḋ a leiṫéidí i gcóṁnuiġe nuair a ḃítí ċun iad a ċroċaḋ. Níor éaluiġ, agus ḃíodar i bpúnc mar ġeall air. Ní ḟeadradar cad ba ṁaiṫ ḋóiḃ a ḋéanaṁ leis. Ḃí áṫas mór orṫa nuair airiġeadar caint Ṁainċín.
"Curtar ag triall ar an ríġ e!” ar siad go léir.
"Ní’l an aisling innste fós agam, a Ṁainċín agus a ṁuintir Ċorcaiġe,” arsa Mac Conglinne.
Deir an seana leaḃar gur inis sé an ċuid eile de’n aisling dóiḃ ansan, aċ níor cuireaḋ síos an ċuid eile sa n-áit seo de’n leaḃar.