h-iarfaí air do ṫógaint ainíos as an gcoire leis an ael sin. Ḃí bior ar aġaiḋ na teine amaċ agus trí nó ceaṫair de ṡaiġseanaiḃ feóla ar an mbior, d’á róstaḋ, agus balaiṫ ó’n ḃfeóil sin a ċuirfeaḋ mian tuille bíḋ ar ḋuine ná béaḋ aċ tar éis a ḋóiṫin do ċaiṫeaṁ i láṫair na h-uaire sin.
"Nuair a ċonac féin an raḋarc san go léir ṫáinig maċtnaṁ ċugam. Ċuiṁniġeas ar an gcás so ’na ḃfuil Caṫal Mór mac Finguine, ríġ Muṁan, agus ar an gcás ’na ḃfuil an Ṁuṁain go léir mar ġeall ar an airc seo ċun bíḋ atá ar Ċaṫal. Ṫuigeas am’ aigne gur ṁór an truaġ gan an raḋarc san do ṫaḃairt do Ċaṫal mar go mb’ḟéidir go sásóċaḋ an raḋarc é agus go n-imṫeóċaḋ an airc dé."
D’éiriġ Mainċín.
"A ṁaiṫe agus a ṁór uaisle Ċorcaiġe,” ar seisean, "measaim féin, sar a gcroċtar an cuirpṫeaċ so, gur fearr é ċur ag triall ar an ríġ agus leigint dó an aisling seo d’innsint ’na láṫair. Fear iseaḋ Caṫal go ḃfuil speóis ana mór aige i sgéaluiġeaċt ṡultṁar, agus ġeaḃaiḋ sé sult agus caiṫeaṁ aimsire sa n-ais- ling seo, agus ġeaḃaiḋ a ṫeaġlaċ caiṫeaṁ aimsire inti, agus teaġlaċ an ḟir ’n-a ḃfuil Caṫal i n’ḟoċair anois. Cá ḃ’ḟios, mar a deir an fear so féin, ná go mb’ḟéidir go ndéanfaḋ an aisling tairḃe eile i n-éaġmuis an ċaiṫeaṁ aimsire. B’ḟéidir go n-imṫeó- ċaḋ an airc de Ċaṫal an ḟaid a ḃéaḋ sé ag éisteaċt leis an aisling."
Do ṫoiliġ an ċóṁairle go léir láiṫreaċ ċuige sin. Ní h-aṁlaiḋ a ḃí aon tsúil acu go leiġisfí Caṫal. Ní h-eaḋ, aċ ḃí gaċ aon tsúil acu na feicfidís an cuirp- ṫeaċ airís. Bíodar corṫa a ndóiṫin dé, agus ba ċuma leó cá raġaḋ sé aċ go mbéidís féin sgarṫa leis.