Nuair ḟiafruiġ Caṫal díom cad aḃí orm ṫugas freagra air a ṫug ċun a aigne a ḋualgas ríġ. Ċuaiḋ an freag- ra i ḃfeiḋm. Do leaṫ ḃúr súile oraiḃ go léir nuair a ċonacaḃar an t-uḃall aige ’á ṫaḃairt dom. Isí Bríġid a ḋéin é. Mura mbéaḋ Bríġid a ḃeiṫ ag guiḋe liom an uair sin ní ċuirfeaḋ Caṫal suim ar biṫ ionam. Ṁea- saḃar go léir ná raiḃ agam ’á ḋéanaṁ aċ sult agus áilteóireaċt. Aċ tríd an sult go léir is árd a ḃí m’ aigne-se agus mo ċroíḋe an uair sin ag glaoḋaċ ar Ḃríġid agus ar Ḋia! Do h-éisteaḋ liom, molaḋ le Dia ’á ċionn! Do tugaḋ dom an t-uḃall. Nuair a ṫugan an duine an ċéad ċiscéim ar a leas ní ḃíon leaṫ deacaraċta sa tarna ciscéim. D’iaras an tarna h-uḃall agus do fuaras é. Ḃí ’ḟios agam an uraim ṫar bárr a ḃeiṫ ag Caṫal d’ḟírinniḃ an Ċreidiṁ. D’iaras an tríṁaḋ h-uḃall i n-ainim na Tríonóide. Fuaras é. Níor staonas. Ḃí ’ḟios agam an annsprid a ḃeiṫ ag oibriuġaḋ am’ ċoinniḃ istiġ, aċ ḃí ’ḟios agam, leis, Bríġid a ḃeiṫ ag guiḋe liom go láidir lastuas. Do leanas a d’iaraiḋ na n-uḃall ar Ċaṫal, gaċ uḃall ar son fírinne éigin d’ḟírinníḃ an Ċreidiṁ. Do lean sé ’á dtaḃairt dom, le h-uraim dos na fírinníḃ sin agus i n-aiṁḋeóin an éigin a ḃí ag an annsprid ’á ḋéanaṁ air lastiġ. Nuair a ṫánag go dtí an trímaḋ h-uḃall déag do ḃris ar an ḃfoiḋne aige. Níor ḃ’iong- naḋ go mbrisfeaḋ. Ní raiḃ uḃall de’n dá uḃall déag a ṫug sé ḋom naċ le caṫ uaṫḃásaċ do sgar sé leis. Ní raiḃ caṫ ḋíoḃ nár ṫuigeas a ċruaḋtan. Do sgar sé leis an dá uḃall déag i ndiaiġ ’ċéile, agus gníoṁ Creidiṁ dó ab eaḋ sgaraṁaint le gaċ uḃall acu. Buille dian ar an naṁaid ab eaḋ gaċ gníoṁ Creidiṁ acu san. Do ḃris ar an ḃfoiḋne aige fé ḋeire, aċ má ḃris, ansan iseaḋ ḃuail sé an buille ba ṫroime ḋíoḃ
Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/121
Appearance