Jump to content

Page:An Craos-Deamhan - Peadar Ua Laoghaire.pdf/120

From Wikisource
This page has not been proofread.
112
An Craos-Deaṁan.

“Aċ conus a ṫiocfainn ar an mallaċt do ṫuilleaṁ? B’ṡiní an ċeist ansan. Ba ró ḟuiriste ḋom í ṫuilleaṁ dá ḃféadfainn droċ ġníoṁ a ḋéanaṁ. Ní ḟéadfainn í ṫuilleaṁ ar an gcuma san. Ní’l sé ceaduiġṫe ag duine an t-olc a ḋéanaṁ pé tairḃe ba ḋóiċ leis a ṫiocfaḋ as dó. Agus níor ḃ’ḟéidir dom láṁ Dé ḃeiṫ ag caḃruġaḋ liom sa ġnó dá mba le droċ ġníoṁ a ḃeartóċainn an gnó ċur ċun cinn.

"Ní gáḋ ḋoṁ a innsint anois do Ṁainċín agus do ṁuintir Ċorcaiġe atá anso ag éisteaċt liom conus a ḋéineas an ṁallaċt do ṫuilleaṁ. Tá ’ḟios acu gur ṫuilleas í go maiṫ, dar leó, agus tá ’ḟios acu gur cuireaḋ orm í ó ċroíḋe, i dtreó nár ġáḋ ḋom aon ḃréag a ḋ’innsint do’n ríġ mar ġeall uirṫi. Aċ má ḟeuċaid siad siar airís ar an sgéal ċífid siad, go soiléir, nár ḋéineas aon níḋ go ḃféadfaí droċ ġníoṁ a ṫaḃairt air.

"Aċ do déineaḋ an rud a ḃí uaim. Do cuireaḋ orm an ṁallaċt. Ansan do ḃíos ollaṁ ar ṫeaċt anso feuċaint a’ ḃféadfainn a ċur ḟiaċaiḃ ar an riġ trosgaḋ ḋéanaṁ ar mo ṡon ċun na h-easgaine ṫógaint díom. Do ṫánag. Ḃí ’ḟios agam nár ḃ’ḟoláir dom gluaiseaċt go h-ana ġasta agus go h-ana aireaċ agus go h-ana aicilliḋe sa n-obair. Ṫuigeas go mb’ḟearr tusnuġaḋ go réiḋ, gan a iaraiḋ ar Ċaṫal a ḋéanaṁ ar dtúis aċ rud éigin suaraċ. Ḃí ’ḟios ag gaċ aoinne, ó’n lá ṫáinig an t-umárd ar dtúis ar an ríġ, nár ṫárla riaṁ ’na láiṁ aige oiread agus uḃall agus gur sgar a láṁ leis gan é ċur ’na ḃéal féin. Dúḃart liom féin dá ḃféadainn oiread agus aon uḃall aṁáin a ṁeallaḋ as a láiṁ uaiḋ nár ḃ’ olc an tusnuġaḋ é. Ní gáḋ ḋom a innsint conus mar ba ṁór ag Caṫal riaṁ a ḋualgas ríġ. Is cuiṁin liḃ conus mar a ḋéineas an fáscogaint, agus conus mar a ṁeileas an ċloċ le m’ḟiaclaiḃ,