Ċuir sé fios ar ḟear piseóg. Ṫáinig an fear.
“Seo,” ar seisean leis an ḃfear, “imir do ċuid deismireaċta orṫa san i dtreó, an t-é íosfaiḋ iad, ná béiḋ aon lá d’á ṡláinte aige an ċuid eile d’á ṡaoġal.”
“Is olc é sin,” arsa’n fear. “Níor ṁaiṫ liom rud de’n tsórd san a ḋéanaṁ ar aoinne.”
“Taḃarfad-sa do ṫuarasdal go maiṫ ḋuit as,” arsa Feargal.
Do ḋein an fear an rud a h-iaraḋ air.
Do ġlaoiḋ Feargal ċuige teaċtaire agus dúḃairt sé leis na h-ubla agus na sóġluistí eile do ḃreiṫ leis ó-ḋeas go Caiseal Muṁan agus iad a ṫaḃairt do Ċaṫal le n-iṫe. “Agus,” ar seisean, “abair gur ó Lígaiġ féin a ṫánadar, agus gur le méid a gráḋ agus a h-ionṁaine do Ċaṫal a ċuir sí ċuige ó-ḋeas iad, agus gur ṁór an sásaṁ aigne uirṫi dá mbéaḋ sé le ráḋ agat go ḃfeacaiḋ do ḋá ṡúil féin Caṫal mac Finguine ag iṫe na n-uball san.”
D’imṫiġ an teaċtaire agus do ṫóg sé leis na h-ubla agus na h-eiṫne agus na sóġluistí eile, agus ṫáinig sé go Caiseal. Ba ġearr go ḃfuair sé caoi ar ċaint le Caṫal. D’inis sé a sgéal dó, agus ṫaisbeáin sé na h-uḃla agus na sóġluistí dó. D’inis sé ḋó cad é an gráḋ ḃí ag Lígaiġ dó, agus cad é an t-áṫas a ḃéaḋ uirṫi nuair a ’neósfaí ḋi gur ṫaiṫin na h-uḃla agus na mísleáin eile le Caṫal. “Agus dúḃairt sí liom, a ríġ,” ar seisean, “gan imṫeaċt, dá mb’ḟéidir é, go dtí go ḃfeicfeaḋ mo ḋá ṡúil féin tú ’ġá n-iṫe.”
“Ní ró ṁór an ríġneas a ċuirfiḋ san ort, a ṁic ó,” arsa Caṫal, ag cromaḋ ar na h-uḃlaiḃ a ḋ’iṫe.
Ċóṁ luaṫ agus ḃí na h-uḃla iṫte ag Caṫal ċuir an teaċtaire a ḃóṫar dé ċóṁ tiuġ i n-Éirinn agus d’ḟéad sé é.