asta go dtí go ḃfaġaḋ sí uaṫa eólus cruinn ar conus a ḃíoḋ Caṫal ’na ṡaoġal agus ’na ṡláinte, agus ar conus ḟéaċaḋ sé. Ar an gcuma gcéadna, nuair a ṫagaḋ duine a-dtuaiḋ ó Ċúig Ulaḋ go Caiseal Muṁan, ḃíoḋ ríġ Caisil ag baint cainte as go dtí go ḃfaġaḋ sé cúntas cruinn ar conus a ḃíoḋ an óig-ḃean áluinn agus ar conus ḟéaċaḋ sí.
Ba ġearr gur ṫosnuiġ an óig-ḃean ar ḃeiṫ ag cur eiṫne agus uḃall, agus sóġluistí eile de’n tsórd san, ó Aileaċ a-dtuaiḋ go Caiseal, ag triall ar Ċaṫal, ag taisbeáint méid an ġráḋ a ḃí aici ḋó. Níor ḃ’ḟada gur airiġ Feargal go raiḃ na sóġluistí ag dul ó-ḋeas. Níor ṫaiṫin san leis i n-aon ċor. Ċuir sé fios ar a ḋeirḃṡiúr ċun laḃarṫa léi.
“An fíor an níḋ seo airiġim,” ar seisean, “ad’ ṫaoḃ-sa agus i dtaoḃ ríġ Caisil?”
Níor laḃair sí.
“Bíoḋ do roġa de ḋá níḋ agat, a ríoġan,” ar seisean. “Inis an ḟírinne ḋom agus bíoḋ mo ḃean- naċt ort, nó séan an ḟírinne orm agus bíoḋ mo ṁallaċt ort!”
Ṫáinig sgannraḋ uirṫi sar a dtuitfeaḋ mallaċt an ríġ uirṫi, agus d’inis sí an ḟírinne ḋó.
“Caṫain a ḃéiḋ teaċtaireaċt eile agat ’á ċur go Caiseal?” ar seisean.
D’inis sí ḋó.
“Cuir ċugam-sa anso ar dtúis,” ar seisean, “na neiṫe a ḃéiḋ agat le cur ó-ḋeas.”
Ṫug sí ċuige na h-uḃla agus na h-eiṫne agus na sóġluistí eile a ḃí aici le cur ó-ḋeas ag triall ar Ċaṫal.
“Fág ansan iad.” ar seisean.
D’ḟág.