ṫaḃairt as an nguais ’na raiḃ sé. Ḃí ’ḟios agam ná déanfaḋ sé an trosgaḋ ċun é féin do ṡaoraḋ ó’n nguais ’na raiḃ sé, aċ ḃí tuairim láidir agam, dá ḃfeicfeaḋ sé duine eile i nguais, agus go dtuigfeaḋ sé i n’aigne go ḃféadfaḋ sé an duine sin d’ḟuasgailt le trosgaḋ, go ndéanfaḋ sé an trosgaḋ. Siní an obair a ċuireas róṁam, tar éis mórán maċtnaiṁ agus mórán buarṫa aigne, go gcuirfinn Caṫal i gcás go ndéanfaḋ sé an trosgaḋ ar dtúis ar ṁaiṫe le duine eile. Ḃíos ag braṫ air go mb’ḟéidir go meallfaí ansan é ċun an trosgaiḋ a ḋéanaṁ ċun Dé, ar ṁaiṫe leis féin.
"Ḃí ’ḟios agam go dian ṁaiṫ, níḋ naċ iongnaḋ, ná béaḋ aon ḃreiṫ agam ar an obair sin a ċur ċun cinn gan láṁ Dé ḃeiṫ sa n-obair. D’iaras ar Ḃríġid, ó ’sí mo ċara anama í i láṫair Dé, a guiḋe ċur suas ċun Dé, ḋom féin agus do’n ríġ. D’aireaḃar go léir an focal adúḃairt an mac mallaċtain. D’aireaḃar conus a ṁaoiḋiṁ sé cad a ḋéanfaḋ sé “mura mbéaḋ an Ḃán Ḃeag a’ Cuireaċ Liffe.” Is léir ó’n ḃfocal san gur ḋéin sí an rud a h-iaraḋ uirṫi a ḋéanaṁ, agus go raiḃ láṁ Dé linn sa n-obair seo ó ṫusaċ. Níor ḃ’ḟoláir a ḃeiṫ. Ní’l sé i neart ná i n-intleaċt an duine dul i ngleic leis an annsprid gan congnaṁ ó ċóṁaċtaiḃ Dé. duine gan ṁeaḃair a ḋéanfaḋ é, go mór mór ó ’tá an congnaṁ le fáġail aċ é ḋ’iaraiḋ. Mura mbéaḋ an congnaṁ a fuaramar, tré impiḋe Ḃríġde, ḃéaḋ an sgéal go h-olc againn. Ní gan fáṫ adúḃairt an deaṁan an focal úd.
"Nuair a ḃí congnaṁ ó Ḋia curṫa i n-áiriġṫe agam dom féin ar an gcuma san, tré impiḋe Bríġde, ṁaċt- nuiġeas am’ aigne ar an gcuma ’nar ċeart dom tusnuġaḋ. Níor ṁór ḋom ar dtúis duine éigin a ḃeiṫ