ndul isteaċ agus an teaċt amaċ, gur le h-iṫe bíḋ a ċuaiḋ sé isteaċ, agus gur le diúltuġaḋ do ḃiaḋ a caiṫfí é ṫaḃairt amaċ; nó mar seo, gur le craos a ċuaiḋ sé isteaċ, agus gur le trosgaḋ a caiṫfí é ṫaḃairt amaċ.
"Aċ ní trosgaḋ gaċ easba bíḋ. Ní trosgaḋ do ḋuine ḃeiṫ gan biaḋ mura staonaḋ sé ó’n mbiaḋ le saor ṫoil. Le n-a ṡaor ṫoil féin iseaḋ a ḋéinean duine craos, agus má’s maiṫ le duine cúiteaṁ éigin a ḋéanaṁ ar an gcraos, ní foláir dó an cúiteaṁ a ḋéanaṁ ar an gcuma gcéadna, ’sé sin le n-a ṡaor ṫoil féin.
"Ḃí ’ḟios agam nár ḃ’ḟéidir Caṫal do leiġeas aċ le trosgaḋ a ḋéanfaḋ sé le n-a ṡaor ṫoil féin. Dá dtagainn-se anso agus dá n-abrainn le Caṫal go leiġisfí é aċ trosgaḋ ḋéanaṁ ar an gcuma san, le n-a ṡaor ṫoil féin, ḃéaḋ sé gan leiġeas, mar ní ḋéanfaḋ sé an trosgaḋ. B’éigean dom slíġ eile ṫarang ċugam ċun a ċur ḟeuċaint air an trosgaḋ ḋéanaṁ, agus é ḋéanaṁ le saor ṫoil.
"Ba ṁaiṫ liom a léiriuġaḋ ḋaoiḃ-se anois, a ríġ Caisil agus a ríoġra agus a uaisle Muṁan, idir ċléir agus tuaṫ, cad í an tslíġ eile sin ar ar ṡocaruiġeas agus conus a ḋéineas an socaruġaḋ.
"Tá aiṫne againn go léir ar Ċaṫal ó ṫusaċ a óige. Tá eólus maiṫ againn ar a ḋeag-ṫréiṫiḃ. Tá aon deaġ-ṫréiṫ aṁáin ann agus ní dóiċ liom go ḃfuil duine sa Ṁuṁain nár ċuir aiṫne uair éigin ar an ndeaġ-ṫréiṫ sin. Aoinne a ċuir ní ceart dó dearṁad a ḋéanaṁ dé. Sidí an deaġ-ṫréiṫ adeirim. A ṫugṫaċt ċun dul isteaċ sa ġuais is géire ċun duine eile ṫaḃairt saor ó ġuais. Ar an dtréiṫ sin iseaḋ ġreamuigeas ċun an ríġ