córa ḋéanaṁ; ríġ ná geaḃaḋ páirt an ḟir láidir i gcoinniḃ an t-é a ḃéaḋ lag; ríġ ná taḃarfaḋ breiṫ ar an gcéad sgéal go dtí go mbéarfaḋ an tarna sgéal air. Agus nuair a ṫugaḋ sé an ḃreiṫ, dá mb’é an t-é go mbíoḋ an ḃreiṫ ’na ċoinniḃ féin é, ní ḟéadaḋ sé loċt ḟáġail ar an mbreiṫ, do ċuireaḋ Caṫal an ceart ’na luiġe ċóṁ soiléir ċóṁ solusṁar san. I gcás, má ḃí an uraim agus an báiḋ, agus an gráḋ acu go léir dó i n-aiṁḋeóin an umáird, go raiḃ an uraim agus an báiḋ agus an gráḋ curṫa i méid naoi n-uaire nuair a fuaradar go raiḃ an droċ níḋ imṫiġṫe agus an leiġeas déanta.
Ċuir na smaointe sin go léir iad ag cuiṁneaṁ coitċianta ar an t-é a ḋéin an leiġeas, agus d’á ṁéid a ċuiṁniġdís air iseaḋ ba ṁó a ṫeastuiġeaḋ uaṫa a fáġail amaċ cé ’r ḃ’é féin.
Ṫáinig an ríoġra, idir ċléir agus tuaṫ, i láṫair Ċaṫail, agus ṡuiġeadar i gcóṁairle.
Ċuir an ríġ fios ar an mac léiġinn. Ṫáinig sé.
"A ṁic léiġinn,” arsa Caṫal, “tá comaoine ṁór curṫa agat orm-sa agus ar an Muṁain. Ní ceart gan a ċoṫrom de ḃuiḋeaċas a ġaḃáil leat, agus díoluiġeaċt a ṫaḃairt duit as. Is féidir a ċoṫrom de ḃuiḋeaċas a ṫaḃairt duit, aċ pé díoluiġeaċt a taḃarfaí ḋuit níor ḃ’ḟéidir dó oiread tairḃe ḋéanaṁ duit-se agus atá déanta agat-sa dúinne. Aċ tá an méid seo ag cur orainn. Ní féidir dúinn buiḋeaċas ná díoluiġeaċt a ṫaḃairt duit mar ba ċóir gan a ḟios a ḃeiṫ againn cé h-é an duine a ċuir an ċomaoine ṁór so orainn."
Ansan do laḃair Mac Conglinne.
"A ríġ onóraiġ,” ar seisean, “agus a ríoġra Muṁan, agus a uaisle cléire agus tuaṫa, measaim naċ fearra ḋom rud a ḋéanfad ’ná a innsint daoiḃ,