ṫógaint i n-aon ċor dé. Ar ball do ṫosnuiġ ceistiuġ- ċán ar ġluaiseaċt eatarṫa, i gcogarnaċ, “Cé h-e féin? Cad as é? Cé ’ra díoḃ é? Cá dtáinig sé? Cár ġaḃ sé ċugainn?” agus mar sin.
Ḃí Mainċín ann agus a lán de ṁuintir Ċorcaiġe. Ṫánadar nuair airiġeadar na ráflaí mar ġeall ar an leiġeas agus Caṫal mac Finguine ḃeiṫ ag déanaṁ an trosgaiḋ, rud ná creidfidís a ḋéanfaḋ Caṫal mura ḃfeicfidís le n-a súiliḃ é ’ġá ḋéanaṁ. D’innseadar, nuair a ġluais an ceistiuġċán, an méid a ḃí le h-inn- sint acu. Níor ṫug san puinn eóluis d’aoinne. Ċeap cuid acu go dtiocfaidís ar an eólus ó’n gcleasaiḋe féin; go meallfaidís uaiḋ é. Aċ do ṫuit níḋ amaċ dóiḃ a ċuir iongnaḋ orṫa. An uile ċeist d’ár cuireaḋ ċuige do ḟreagair sé í go breaġ, socair, séiṁ, aċ níor ṫug sé aon ḃlúire eóluis uaiḋ ar ċé’r ḃ’é, ná ar cá’r ḃ’ as é.
B’éigean dóiḃ go léir eiriġe ḋé. Aċ ḃí an tairḃe déanta aige, agus, pé ’r ḃ’é féin, níor ḃ’ḟoláir díol- uiġeaċt a ṫaḃairt dó as. D’inis Piċán an margaḋ a ḃí déanta aige féin. Do ṫaiṫin san leis an ríoġra go léir, aċ dúḃradar go gcaiṫfí cur leis.
Dúḃradar nár ċeart aon rud a ḋéanaṁ ċun go socaróċfaí an sgéal go léir i ḃfeis cóṁairle, i láṫair Ċaṫail.
Níor ḃ’ḟada go raiḃ Caṫal ċóṁ maiṫ agus ḃí sé riaṁ, ’na ṡaoġal a’s ’na ṡláinte. Ḃí áṫas an doṁain ar na daoine go léir. Ḃí deire leis an umárd ġrána a ḃí ’ġá milleaḋ agus ’ġá gcreaċaḋ agus ag taḃairt náire ṡaoġalta ḋóiḃ. Ḃí uraim ana ṁór acu do Ċaṫal agus ana ḃáiḋ acu leis, d’aiṁḋeóin an umáird a ḃí air. Ríġ fóġanta b’eaḋ é, ríġ ná déanfaḋ an éagcóir pé cuma ’na mbeiḋfí a d’iaraiḋ é ċur suas ċun na h-éag-