53
VI. Beagán Sgéalaiḋeaċta ar Alasdair Mac Colla.
Reaċrannaċ .i. Glasba Beag Mac Giolla Ṁuire d’innis.
I. Suipeár Alasdair.
Ḃá[1] Colla Duḃ ann agus ḃá mac aige an[2] raḃ Alasdair mac Colla air agus ḟuair a ṁáṫair bás agus ṗós a aṫair aríst agus ċa raḃ í[3] (.i. a ṁáṫair ċéile[4]) maiṫ dó agus ḃíoḋ é[5] a’ dul a luiġe má ṫuitim[6] na hoiḋċe. Ag am suipeir raċaḋ ise le n-a ṡuipeár agus deireaḋ í go mór:
“Eíriġ, a Alasdair, is glac do ṡuipeár.”
Deireaḋ eisean: “Goidé ṫá ’nn?”
Deireaḋ ise go beag: “Feoil do ċon ċéir.[7]”
Deireaḋ eisean: “Ċa ġlac mí ḟéin.[8]”
Deireaḋ ise: “Ṫá[9] é bláṫ.”
Deireaḋ eisean aríst: “Cad aṫá.[10]”
Annsin deireaḋ ise go mór annsin, dóiġ is go gcluineaḋ a aṫair í ’gá ċur ar a ċois: “Eíriġ! Eíriġ!"
[D’ḟoġlaim Glasba Beag an sgéilín sin ó Albanaċ, ar ċuma go raiḃ “glaċc” aige ann i n-ionad “glac” atá ag na Reaċrannaċaiḃ; mar sin do rudaíḃ eile leis .i. “cad aṫá," agus rl.]
II. An Oiḋċe Iongantaċ.
Ḃá Alasdar ag an dorus. Duḃairt a aṫair leis:
“Goidé an seórt oiḋċe atá ann anoċt?”
“Tá,” arsa Alasdar, “oiḋċe réabogaċ, róbogaċ rialtogaċ, ġealaiġe, gan turaḋ, gan uisge.”
“Tá oiḋċe iongantaċ ann,” ars’ an t-aṫair.