24
AESOP
A ṪÁINIG GO H-ÉIRINN.
Cuid IV.
31.—BEAN NA CIRCE.
Ḃí bean ann agus ḃí cearc aici, agus ḃeireaḋ an ċearc uḃ i n-aġaiḋ an lae. Ċeap an ḃean ḃoċt dá dtugaḋ sí breis le n-iṫe do'n gcirc go mbearfaḋ an ċearc ḋá uḃ i n-aġaiḋ an lae. Ċóṁ maiṫ do ṫug. Isé rud a ḋein an ċearc, áṁ, 'ná dul i raíṁre agus stad de ḃreiṫ.
An Múineaḋ.
"Níor ṁeasa do ḋuine rud a ḋéanfaḋ díoġḃáil dó 'ná rud fóġanta."
Sáruíġean an tsaint í féin.
Tá daoíne agus ní foláir leó gaċ aon rud do ċur i ḃfeaḃas. Má tá rud ċóṁ maiṫ agus is féidir dó ḃeiṫ, ní foláir dó dul i n-olcas le h-aṫrúġaḋ. Isé a ḃuac gan baint leis.
32.—AN ÁINLE AGUS NA H-ÉIN EILE.
Ḃí ros lín ag fear d'á ċur i bpáirc. Ċonaic an áinle é. D'imṫig sí agus ḃailig sí na h-éin eile. "Féuċ," ar sise leó, "tá sé siúd ag cur rois. Is as an ros san d'ḟásan an líon d'a ndéintear na líonta le n-a mbeirtar ar éunaiḃ. Téanaíg liomsa laiṫreaċ agus piocaimís an ros as an iṫir sul a mbeiḋ uain aige ar ṗréaṁúġaḋ. Ansan ní ḃeiḋ an líon ann agus ní féadfar na líonta do ḋéanaṁ 'ná iad do ċur róṁainn ċum ár marḃṫe."
Níor ċuireadar suím inti. Níor piocaḋ an ros agus do ṗréaṁuig sé agus ṫáinig an líon os cionn tailiṁ.
Ḃailig an áinle na h-éin airís.
"Féuċ," ar sise, "tá sé os cionn tailiṁ. Aċt ní'l sé ró ḋéanaċ fós againn. Téimís agus staṫimís as an dtalaṁ é sul a neartuiġiḋ sé."
Níor ċuireadar aon tsuím inti, agus d' ḟás an líon go raiḃ sé 'na loirgniḃ árda.