Jump to content

Page:Aesop a tháinig go h-Éirinn.djvu/25

From Wikisource
This page has been proofread.

23

Ḃí an dorus dúnta. Ġlaoiḋ sé. “Ó! imṫiġ leat féin,” arsa ’n maċtíre. “Táim gan ḃeiṫ ar fóġnaṁ.”

“Tuigim!” arsa ’n mada ruaḋ. “Doiċeal atá air. Aċt béadsa suas leis.”

D’imṫiġ sé agus do sgéiḋ sé ar an maċtíre. D’inis sé do’n aoḋre go raiḃ droċ ḃeiṫíḋeaċ éigin sa ṗluais. Ṫáinig an t-aoḋre agus píce aige agus ṁairḃ sé an maċtíre.

Ansan do ċuaiḋ an mada ruaḋ ċum cóṁnuiġṫe sa ṗluais agus ḃí soláṫar an ṁaċtíre aige agus ḃí sé ar a ṡástaċt.

Ní ró ḟada a ḃí. Ba ġearr gur ṫáinig an t-aoḋre céadna ċum na pluaise airís, féuċaint an raiḃ aon ṁaċtíre eile ann. D’ḟéuċ sé isteaċ. Ċonaic sé an rud beó istig agus ní túisge ċónaic ’ná ṡáiḋ sé an píce ann, agus do ṁairḃ sé an mada ruaḋ. Sin mar imṫig ar an mada ruaḋ de ḃár a ġliocais.

An Múineaḋ.

Fillean an feall ar an ḃfeallaire.



30.—NA GIORḞIṪE AGUS NA FROGANA AGUS AN ĠAOIṪ.


Ṫáinig gaoiṫ ṁór agus ḃí sí ag lúbaḋ na gcrann, agus ṫáinig a leiṫéid sin d’ anfa ar na giorḟiṫiḃ gur ċeapadar imṫeaċt as an saoġal ar fad, mar ná féadfidís an t-éirleaċ d’ḟulang. Ġluaiseadar ċum siúḃail. Ṫánadar go bruaċ loċa agus ḃíodar ċum iad féin do ḃáṫ. D’ airíġeadar an foṫram sa n-uisge. Cad a ḃeaḋ ann aċt sguainṫe frogana agus iad ag teiṫe le n-a n-anam ag dul fé uisge sa loċ.

Ḃí sean ġiorḟiaḋ tuigsionaċ ar na giorḟiṫiḃ. “Stadaig, aġiorḟiṫe!” ar seisean. “Ní h-againne aṁáin atá an saoġal go h-olc. Má’s fiú ḋóiḃ siúd a n-anam do ḃreiṫ saor leó fé uisge ba ċóir gur ḃ’ ḟiú ḋúinne aire ṫaḃairt dúinn féin ar an dtalaṁ dtirim. Dá olcas atá an sgéal againn anois b’ḟéidir muna ḃféuċfimís roṁainn go mbéaḋ an sgéal níos measa againn.”

An Múineaḋ.

“Is mairg a báitear i n-am an anaiċe;
’S go dtigean an ġrian indiaig na fearṫana.”