Sheasadar nó ritheadar i lár an bhóthair nó shnámhadar suas na céimeanna faoi dhoirse oscailte nó bhuaileadar fúthu ag na tairseaca ar nós luch. Níor thug Little Chandler aird dá laghad orthu. Shnigh sé a bhealach tríd an bheatha bheag bhídeach ar fad sin a bhí ar nós míolra gur chuaigh faoi scáth na dtithe móra loma taibhsiúla inar chónaigh lucht uasal Átha Cliath tráth dá raibh. An t-am a chuaigh thart, níor ghoill air, mar bhí a intinn lán de lúcháir san am i láthair.
Ní raibh sé i dtigh Corless[1] riamh ach thuig sé luach an ainm. Bhí a fhios aige go ndeachaidh daoine ann tar éis na hamharclainne a itheadh oisrí agus a ól liqueurs; agus chuala gur labhair na freastalaithe Fraincis agus Gearmánais ann. Ag siúl thairis go mear san oíche dhó, chonaic coistí ag stopadh os comhair an dorais roimhe sin gur tháinig mná uaisle gléasta go galánta, gur thángadar anuas de na cóistí in éineacht le cavaliers agus chuaigh isteach de sciotán. Bhí gúnaí taibhseacha agus go leor sraitheanna éadaí á gcaitheamh acu. Bhí púdar ar a n-aghaidh agus rugadar greim ar a ngúnaí ag tuirlingt anuas den chóiste ar an talamh dóibh ar nós Atlantas[2] scáfara. Níor thug sé a aghaidh riamh orthu a amhairc orthu agus é ag dul thar an doras. Nós leis ab ea siúl go mear sa tsráid, go fiú amháin sa ló, agus am ar bith a tharla dhó sa chathair go déanach san oíche, bhrostaigh ar a bhealach go himníoch corraithe. Scaití, áfach, thugadh sé dúshlán údair a eagla. Roghnaíodh na sráideanna ba dhorcha agus ba chaola go mbuaireadh, agus é ag siúl chun cinn go dána, go mbuaireadh an ciúnas a bhí leathnaithe timpeall a choiscéimeanna é, go scanraídís deilbheacha fánacha tostacha daoine eile é agus amannta go gcuireadh gáire íseal a d’éalaigh san aer é ag crith ar nós duilleoige.
- ↑ Deir formhór na bhfoinsí ar an ghréasán domhanda gur leagan de shean-leasainm Anglaise ‘Corliss’ é. Eascraíonn sé as na focail ‘care’ agus ‘less’, agus chiallaigh sé duine gan cíos, cás ná cathú. Ní dócha go bhfuil baint ag an ainm leis an logainm Corr Lios.
- ↑ Is spéirbhean óg í Atalanta sa mhiotas Ghréigeach. Tá sí lúfar, cróga agus deaslámhach ar chaitheamh bonsaí. B’fhéidir go bhfuil sé de cháil uirthi gur annamh a theagmhaíos a cosa le talamh agus í ag rith, óir murach gur amhlaidh sin é, ní thuigeann an t-aistritheoir seo an meafar seo. D’fhonn nach bhfuil uaithi fear a phósadh, geallann sí go bpósfaidh sí fear ar bith a bhuas í i gcomórtas reatha. Buann duine amháin uirthi as imirt clis áfach. Is éard a dhéanas sé, caitheann trí úll órga (ar thug Aphrodíté dó iad) ar an talamh ar feadh an bhealaigh, agus bailíonn sise gach aon cheann díobh, rud a chuireas moill uirthi. Déantar tagairt don mhiotas Ghréigeach sa scéal The Dead freisin.