phearsa mór le rá sa London Press. Is minic a d’éirigh sé as a scríbhneoireacht leadránach a stánadh amach an fhuinneog. Luisnigh na plásóga agus na cosáin le luí na gréine dheireadh Lúnasa. D’fhear sé cith cré séimh órga ar na banaltraí míshlachtmhara agus ar na seanfhir cranda a bhí ag míogarnach ar na binsí – ar na páistí a rith ar na cosáin gairbhéil ag screadadh dhóibh agus ar gach duine a chuaigh trí na gairdíní. D’amhairc sé ar an radhairc agus smaoinigh sé ar an tsaol; agus (mar a tharla i gcónaí nuair a smaoinigh sé ar an tsaol), tháinig gruaim air. Ghlac maoithneachas caoin seilbh air. Ba chath caillte leis streachailt in éadan a chinniúna: seo an t-ualach críonnachta a d’fhág an t-achar seo ama le hucht aige.
Chuimhnigh sé ar na leabhair filíochta ar a sheilfeanna sa bhaile. Cheannaigh sé iad le linn a laethanta baitsiléara agus ba iomaí tráthnóna agus é ina shuí sa tseomra beag le taobh an halla, a tháinig cathú air ceann a tharraingt anuas as an tseilf a léamh rud éigean as dá bhean chéile. Do chuir a chúthaileacht srian air i gcónaí áfach; agus mar sin d’fhan na leabhair ar na seilfeanna.
Nuair a bhuail an clog am dheireadh a chuid oibre sheas sé suas agus d’fhág a dheasc agus a chomhchléirigh go pointeáilte. Bhí cosúlacht an duine umhail néata air ag teacht amach faoi áirse fheodach Óstaí an Rí dó. Shiúil sé go tapa síos Sráid Henrietta. Bhí an ghrian órga beagnach dulta fúithi agus bhí goimh fuachta tagtha san aer. Bhí an tsráid dubh le páistí brocacha.