D’airigh Jimmy lucht féachana agus éisteachta uaidh beagán: ba mhór an léaspairt a bhí sa chuideachta. Bhí geallta arda á n-imirt acu agus thosaigh páipéar ag dul thart. Ní raibh a fhios ag Jimmy go cinnte cé a bhí ag buachan ach bhí a fhios aige go raibh sé féin ag cailliúint. Ach ba airsean a bhí an locht mar gur bhain sé dearmad go minic lena chártaí agus b’éigean do na fir eile an méad a bhí le h-íoc aige a ríomh. Ba ardfhir iad ach ba thrua leis nach stopaidís: bhí sé ag éirí déanach. Mhol duine éigean sláinte The Belle of Newport a ól agus mhol duine éigean eile cluiche mór amháin mar chríoch ar an oíche.
Stop an pianó; caithfidh gur chuaigh Villona aníos ar deic. Ba uafásach an cluiche é. Stadadar díreach roimh a dheireadh chun áidh móir a ól. Thuig Jimmy gurbh idir Routh agus Ségouin a bhí an cluiche. Nach mór an spórt é! Bhí Jimmy ar bís freisin; chaillfeadh sé, ar ndóigh. Cá mhéad a dhíscríobh sé? D’éirigh na fir ina seasamh chun an chleas deiridh a imirt, ag caint agus ag oibriú na lámh. Ag Routh a bhí an bua. Chroith an cábán le gairdeas na bhfear óg agus scuabadh na cártaí le chéile. Thosaíodar ag bailiú isteach an méad a bhuadar. An Fearghaileach agus Jimmy is mó a bhí thíos leis na cluichí cártaí.
Bhí a fhios aige go mbeadh aiféala air ar maidin ach i láthair na huaire bhí sé buíoch den tsos, buíoch den toirchim suain a chlúdódh a bhaois. Lig sé a dhá uillinn ar an bhord agus bhain taca a chinn lena lámha, ag comhaireamh na mbuillí croí in a uisinní. D’oscail doras an chábáin isteach agus chonaic sé an t-Ungárach ina sheasamh i nga solais léith:
“Maidneachan, a fheara uaisle!”