Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/60

From Wikisource
This page has been proofread.

Cadet Roussel[1] as béal a chéile agus ag bualadh a gcosa ar an talamh ag gach:

“Ho ! Ho ! Hohe ! , vraiment !”

Chuadar isteach i mbád iomartha ag an fhánán lainseála agus thrialladar ar luamh an Mheiriceánaigh. Bhí suipéar, ceol agus cártaí ag fanacht orthu. Dúirt Villona le díograis:

“Is gleoite é!”

Bhí pianó luaimh sa chábán. Sheinn Villona váls do Farley agus Rivière. Rinne Farley ról an mharcaigh agus ghabh Rivière páirt na mná. Ansin damhsa cearnógach gan ullmhú, na fir ag cumadh cumraíochtaí nua. A leithéid de mheidhir! Ghlac Jimmy a pháirt le fonn; an saol a bhlaiseadh – ba é seo é, ar a laghad. Ansin tháinig giorra anála ar an Fhaircheallach agus ghlaoigh sé “Stop!” Rug fear cuid éadrom na hoíche isteach agus shuíodar síos ag an bhord ar mhaithe le gnás. D’óladar, áfach: ba Bhoihéamach an nós é. D’óladar Éire, Sacsana, An Fhrainc, na Stáit Aontaithe. Thug Jimmy aitheasc, aitheasc fada, Villona ag rá: “Hear! Hear!” gach uair a bhí stad sa spéic. Rinneadh bualadh bos mór nuair a shuí sé síos. Ní mó ná gurbh óráid mhaith í. Thug Farley bos tréaslaithe sna slinneáin dó agus rinne gáire rachtúil. Nach iad a bhí croíúil! Nach maith an comhluadar iad!

Cártaí! Cártaí! Glanadh an bord. D’fhill Villona go ciúin ar a phianó agus sheinn deontraithe dhóibh. D’imir na fir eile cluiche i ndiaidh cluiche, dá gcaitheamh isteach go fonnmhar san fhiontar. D’óladar sláinte an Bhanríon Hairt agus an Bhanríon Muileata.

  1. Leagan nua Sacsanach den amhrán áitiúil a chum Gaspard de Chenu i 1792 in Auxerre, sa Fhrainc. Cumadh an leagan Sacsanach i 1919 agus canadh é le tionlacan pianó i seónnaí ceoil na gcathracha móra ar fud na Ríochta Aontaithe. Tá sé bhuille i leathchúpla den loinneoig ag deireadh gach véarsa, agus gabhtar na focail mar a bheadh pléascadh gáire iontu. Seo na focail sa bhunleagan: Ah ! Ah ! Ah ! Oui, vraiment... Ba amhrán máirseála mór le rá é an bunleagan in arm na Fraince faoi 1919 agus sin is cúis leis na buillí coise.