Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/29

From Wikisource
This page has been proofread.

mballaí arda ar a dtaobhanna, sinn ag breathnú ar láimhseáil na gcrann tógála agus na n-inneall. Ba mhinic a scread tiománaithe cairteacha slóchtacha orainn nuair nár bhogamar. Bhí sé ina mheán lae faoin am a shroicheamar na céibheanna agus ó tharla go raibh na hoibrithe ar fad ag ithe a lóin, cheannaíomar dhá bhorróg móra rísín agus shuíomar síos ar phíopa miotail cois na habhann chun a n-ithe. Bhaineamar sásamh as an radharc ar thrádáil Átha Cliath – na báid canála i bhfad uainn ag beannú dhúinn le putha deataigh ar nós olla, an loingeas donn iascaireachta ar an taobh thall den Rinn, an soitheach mór seoltóireachta a bhí á dhíluchtú ar an chéibh thall uainn. Duirt Mahoney go mba mór an greann é teitheadh linn tharr toinn ar cheann de na soithí móra agus fiú mise, agus mé ag breathnú ar na crainn mhóra seoltóireachta, chonaiceas, nó shamhlaíos, anam ag teacht de réir a chéile sa tíreolaíocht a dáileadh go gann orm ar scoil. Shílfeá go raibh an scoil agus an baile ag druidim uainn agus go raibh a dtionchar orainn ag dul i léig.

Thrasnaíomar an Life i mbád farantóireachta. D'íocamar an táille chun dul ar bord i gcuideachta bheirt shaothraithe agus Giúdaigh big a raibh mála aige. Bhíomar chomh stuama is go bhféadfá rá go rabhamar sollúnta, ach uair amháin dhearcamar sa tsúil ar a chéile agus rinneamar gáire. Nuair a thángamar i dtír, d'fhéachamar ar dhíluchtú grástúil an tsoithigh trí-chrann ar bhreathnaíomar air ón chéibh eile. Dúirt duine éigean den lucht féachana gur shoitheach Ioruach í. Chuas chuig a dheireadh ag iarraidh chiall a dhéanamh den scríbhinn uirthi ach, nuair nár éirigh liom, d'fhilleas agus scrúdaíos na mairnéalaigh féachaint an raibh súile glasa[1] ag duine ar bith dhíobh,

  1. is cosúil gur tagairt seo don mhiotas Gréagach. Is minic sin le James Joyce. Tá súile glasa nó gorma ag go leor de na héaróis agus de na banhéarois sa mhiotas Gréagach. Is eipic na mairnéalach é An Odaisé sa mhéad is gcaitheann Odaiséas agus a fhoireann deich mbliana ag filleadh abhaile thar toinn ó chogadh na Traí. Ní léir don aistritheoir seo go raibh súile glasa ag Odaiséas féin, ach b’fhéidir gur cuireadh síos ar shúile glasa aige i leagan éigin den eipic dar léigh Joyce.