Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/28

From Wikisource
This page has been proofread.

a rug sé leis é agus dúirt sé liom gur ar mhaithe le roinnt spraoi leis na héin a bheith aige a rug leis é. D’usáideadh Mahoney neart béarlagair ina chuid cainte agus ‘Old Bunser’ an t-ainm a chuireadh sé ar an Athair Butler. D'fhanamar mar sin ar feadh leathuaire níos faide ach fós féin ní raibh tásc ná tuairisc ar Leo Dillon. Léim Mahoney anuas den bhalla sa deireadh agus dúirt:

“Gabh i leith. Bhí a fhios agam go gclisfeadh an Feolamán orainn.”

“Agus a shé phingin...?” ar mise.

“Sin an geall a chuir sé,” ar Mahony “agus is é is fearr dúinne é – tá scilling agus sé pingine againn anois in ionad sé pingine.”

Shiúlamar suas Bóthar na Trá Thuaidh a fhad leis na Vitriol Works agus ansin chasamar ar dheis suas Bóthar na Cé. Thosaigh Mahony ag aithris ar dhúchasach Meiriceánach a thúisce is a bhíomar imithe as amharc. Chuir sé an ruaig ar scata cailíní gioblacha, ag beartú a chatapuilt folaimh agus, nuair a thosaigh beirt bhuachaillí gioblacha ag radadh cloch linn as gaisce, mhol dom gabháil ar ruathar fúthu in éineacht leis. Chuireasa ina choinne ar an bhonn go rabhadar róbheag, agus shiúlamar ar aghaidh fad is a bhí an slua cifleogach ag screadach “Swaddlers! Swaddlers!” inár ndiaidh, mar gur shíleadar go mba Protastúnaigh sinn de bhrí go raibh Mahoney, a bhí dúchraicneach, ag caitheamh shuaitheantas airgid chlub cricket ar a chaipín. Nuair a thángamar a fhad leis an Smoothing Iron rinneamar léigear orthu ach ní raibh maith ann, mar ní mór triúr agat ar a laghad. Bhaineamar díoltas amach ar Leo Dillon as rá faoi gur chladhaire cruthanta é agus as tomhas cé méad a bhfaigheadh sé ag a trí a chlog ó Mr Ryan.[1]

Thángamar gar don abhainn ansin. Chaitheamar tréimhse fhada ag siúl timpeall na sráideanna callánacha lena

  1. Buillí den pandybat. Ba strapa treisithe é an pandybat.