darb ainm Johnny ag an tseanfhiur uasal. Agus d'oibríodh Johnny i muileann an tseanfhir uasail. Do shiúladh timpeall an mhuilinn arís agus arís eile á thiomáint. Bhí sin go maith agus ní raibh go holc; ach seo chugainn an taobh tragóideach de scéal Johnny. Lá n-aon tograíonn an seanfhear uasal tiomáint faoi phoimp agus faoi ghairéad go léirbhreithniú sa pháirc.”
“Go ndéana an Tiarna trócaire ar a ainm,” ar Aint Kate go hatruaghach.
“Áiméan,” a deir Gabriel. “Mar sin an seanfhear uasal, mar a dúras, chuir sé Johnny faoi chairt agus chuir air [féin] an hata ard ab fhearr aige agus an bóna ab fhearr aige gur thiomáin amach faoi mhaingléis mhór ó thigh mhór a mhuintire áit éigin gar don Lána Cúil, sílim.”
“Á anois, Gabriel, níor chónaigh sa Lána Cúil, i ndáiríre. Is é an muileann amháin a bhí ansin.”
“Amach as tigh mór a mhuintire,” a lean Gaibriél, “a thiomáin sé Johnny. Agus d’éirigh gach aon rud go seó gur leag Johnny súil ar dhealbh King Billy: agus pé dhíobh ar thit i ngrá leis an each a suíos King Billy air nó ar shíl go raibh ar ais arís sa mhuileann, ar aon nós tósaíonn ag siúl timpeall na deilbhe.”
Siúlann Gabriel thart i gciorcal lena fhorbhróga sa halla go mbaineann gáire as cách.
“Timpeall agus timpeall a théas,” ar Gabriel, “agus an seanfhear uasal, ba sheanfhear uasal an-phostúil é, bhí sé le ceangal. ‘Gabh ar aghaidh, sir! Céard tá faoi seo agat, sir? Johnny!