“Tá sí á gléasadh féin, Gabriel,” ar Aint Kate.
“Cé atá ag seinm thuas ansin?” a d’fhiosraigh Gabriel.”
“Duine ar bith. Táid go léir imithe.”
“Ó Nílid, Aunt Kate,” a deir Mary Jane. “Níl Bartell D’Arcy agus Miss O’Callaghan imithe fós.”
“Tá duine éigin ag pleidhcíocht leis an phianó ar aon nós,” ar Gabriel.
Chaith Mary Jane súil ar Gabriel agus ar Mr Browne gur chuaigh crith tríthi agus dúirt:
“Amharc ar an bheirt díobh agus sibh faoin iomad cumhdach sin, a fheara, cuireann sé fuacht orm. Níor mhaith liom tabhairt faoin turas abhaile agaibhse ag an uair seo.”
“Níl rud ar bith ab fhearr liom anois díreach,” a deir Mr Browne go teaspúil, “ná siúlóid bhreá bhríomhar faoin tuath nó marcaíocht mhear le heach éasca idir na seaftaí.”
“Bhíodh capall an-mhaith agus cairt againn sa bhaile,” a deir Aunt Julia go maoithneach.
“Johnny. Ní dhéanfar dearmad go brách air,” a deir Mary Jane de gháire.
Rinne Aunt Kate agus Gabriel gáire freisin.
“Cén fáth, céard a bhí suntasach faoi Johnny?”, a d’fhiafraigh Mr Browne.
“Patrick Morkan, beannacht Dé lena anam, is é sin, ár n-athair mór,” a mhínigh Gabriel, “arbh fhear aithne air mar ‘an seanfhear uasal’, ba dhéantóir gliú é.”
“Á leag as, Gabriel,” ar Aunt Kate de gháire, “bhí muileann stailce aige,”
“Sea, gliú nó stailc,” a deir Gabriel, “bhí capall