sin. Níor shíleas gur Seán Buí thú.
Tháinig dreach an mhearbhaill ar Gabriel. B’fhíor go scríobhadh sé colún liteartha ar an Chéadaoin don Daily Express, as a íoctaí chúig scilling déag é. Ach ní dhearna sin Séan Buí dhe, shílfeá. Ba mhó a mheas ar na leabhair a d’fhaigheadh sé a léirmheas ná an seic suarach, nach mór. B'aoibhinn leis cuimilt na gclúdach ar leabhair nua agus iompú na nduilleog díobh. Beagnach gach aon lá, tar éis a chuid obair léachtóireachta sa choláiste, thugadh siúl síos na gcéanna chuig na hathdhíoltóirí leabhar, go tigh Hickey ar Shiúlán Bhaitsiléir, go tigh Webb nó tigh Massey ar Ché Aston, nó go tigh O’Clohissey sa chúlsráid. Níor léir dó cén freagra a thabhairt ar a líomhain. Ba mhaith leis rá léi gurbh os cionn na polaitíochta í an litríocht. Ba chairde iad leis na blianta aníos agus b’ionann a ngairm, san ollscoil ar dtús agus ansin mar léachtóirí: ní leomhfadh sé focal mustrach léi. Lean an bhroidearnach súl agus meangadh an gháire cotaidh dhe agus dúirt sé trína fhiacla nár pholaitiúil leis scríobh léirmheasanna leabhar.
Nuair a tháinig a seal dul i leataobh bhí sé fós trína chéile. Rug Miss Ivors go beoga croíúil ar láimh air go ndúirt de ghlór lách mhuinteartha:
“Go deimhin, is ag diabhlaíocht a bhíos. Gabh i leith, trasnaímid anois.
Iar dteacht le chéile arís dóibh labhair sí faoi cheist na hOllscoille agus mhaolaigh ar mhíshuaimhneas Gabriel. Do thaispeáin cara léi a léirmheas