Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/244

From Wikisource
This page has been proofread.

Jane. Dhearg agus bhailigh sí a cuid ceoil go cúthail gur éalaigh ón tseomra. An ceathrar stócach sa doras a d’imigh don tseomra bídh ag tús an cheoil agus a tháinig ar ais nuair a stop an pianó, is iad a thug an bualadh bos ba mhó.

Cuireadh rince Les Lanciers[1] ar bun. Cuireadh Gabriel le Miss Ivors. Bean óg chainteach ab í nach raibh de nós aici dul ar chúl scéithe le scéal. Bhí aghaidh bhreicneach agus súile móra donna aici. Ní raibh cabhail le muineál íseal á caitheamh aici agus bhí suaitheantas Gaelach agus manna Gaelach sa dealg a bhí fostaithe i lár a bráid.

Nuair a sheasadar ina n-áit don rince, dúirt sí gan frapa gan taca:

“Tá gréasán le réiteach agam leatsa.”

“Liomsa?” a dúirt Gabriel.

Sméid sí a ceann go tromchúiseach.

“Céard é?” ar Gabriel le meangadh sollúnta.

“Cé hé G.C.?” a d’fhreagair Miss Ivors agus chuir a súile tríd.

Dhearg Gabriel agus bhí ar tí chur púice ina mallaí a ligean air féin nár thuig, nuair a dúirt sí go neamhbhalbh:

“Ó, Amy shoineanta! D’fhionnas go scríobhair don Daily Express.[2] Anois, nach bhfuil náire ort?”

“Cad ina thaobh a mbeadh náire orm?” a cheistigh Gabriel ag iarraidh dhéanamh mheangadh gáire agus na fabhraí ag broidearnach air.

Well, cuirir náire ormsa,” a dúirt Miss Ivors amach. “Rá go scríobhair do pháipéar mar

  1. Les Lanciers: rince na lansaí. Rince cearnógach. Leagan eile den chuadraill.
  2. Daily Express: nuachtán Sacsanach. Scríobh Joyce féin léirmheasanna leabhar don pháipéar idir na blianta 1902 agus 1904