D’imigh an buachaill agus thosaigh Mr Henchy ag cuimilt a lámh lena chéile go meanmnach, ag rá dhó:
“Á, well, níl sé chomh dona sin i ndeireadh na dála. Fear dá fhocal é, ar aon chuma.”
“Níl timbléir againn,” a dúirt an seanfhear.
“Ó, ná cuireadh sin buaireamh ort, Jack,” ar Mr Henchy. “Is iomaí fear maith a d’ól ón bhuidéal roimhe seo.”
“Ar aon nós, tá sé níos fearr ná dada,” ar Mr O’Connor.
“Ní hé is measa,” ar Mr Henchy, “ach amháin go bhfuil faoi chomaoin ag Fanning. Tá a chroí san áit cheart, an bhfuil a fhios agaibh, ina dhóigh shuarach fhéin.”
Tháinig an buachaill ar ais le corcscriú. D’oscail an seanfhear trí bhuidéal agus bhí sé ar tí thabhairt an corcscriú ar ais nuair a dúirt Mr Henchy leis an bhuachaill:
“Ar mhaith leat deoch, a bhuachaill?”
“Más é do thoil é, a dhuine uasail,” a dúirt an buachaill.
D’oscail an seanfhear buidéal eile go doicheallach, agus thug don bhuachaill.
“Cén aois thú?” a cheistigh sé.
“Seacht mbliana déag,” ar an buachaill.
De bhrí nach ndúirt an seanfhear aon cheo eile, ghlac an buachaill an buidéal agus dúirt: “Go raibh céad maith agat, a dhuine uasail,” le Mr Henchy, gur dhiúg a raibh ann, chuir an buidéal ar ais ar an bhord agus chuimil a bhéal lena mhuinchille. Ansin thóg an corcscriú agus chuaigh de leataobh amach an doras, ag rá ceiliúrtha de shaghas éigin faoina fhiacla dhó.
“Sin mar a thosaíos sé,” a dúirt an seanfhear.