Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/165

From Wikisource
This page has been proofread.

le déanamh agat anois ,’ a deirim leis. ‘Fáiltiú!’ ar sé. ‘Mhairfeadh seisean ar bholadh cheirt olla.’ Anois, dar mo bhriathar níor chreideas é.”

“Céard?” a dúirt Mr Henchy agus Mr O’Connor.

“Is éard a dúirt sé liom: ‘Cad é do bharúil faoi Ardmhéara Átha Cliath ag cur duine faoi choinne phunt gríscíní dá dhinnéar? ‘Sin rabairne dhuit!’ ar sé. ‘Muise! Muise,’ a deirim. ‘Punt gríscíní,’ a deir sé, ‘ag teacht chuig Teach an Ardmhéara.’ Muise!’ ar mé, ‘cén chineál daoine againn ar chor ar bith anois?’”

Ansin bualadh an doras, agus chuir buachaill a cheann isteach.

“Cad é?” a dúirt an seanfhear.

“Ón Black Eagle,” ar an buachaill, ag siúl de leataobh isteach dhó gur leag an ciseán ar an urlár le cling buidéal.

Chuidigh an seanfhear leis an bhuachaill a aistriú na mbuidéal ón chiseán don tábla gur ríomh an t-iomlán. Tar éis an aistrithe chuir an buachaill an ciseán faoina láimh gur iarr:

“Aon bhuidéal?”

“Cén buidéal?” ar an seanfhear.

“Nach ligfeá dhúinn a n-ól ar dtús?” ar Mr Henchy.

“Dúradh liom iarradh na mbuidéal.”

“Tar ar ais amárach,” ar an seanfhear.

“Gabh i leith, a bhuachaill!” ar Mr Henchy, an ngabhfair anonn go O’Farrell faoi dhéin iasacht corcscriú – do Mr Henchy, abair. Inis dó nach mbeidh sé dhá mheandair againn. Fág an ciseán ansin.”