Jump to content

Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Gadhar agus an Machtíre

From Wikisource
182105Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Gadhar agus an MachtírePeadar Ua LaoghaireAesop
[ 29 ]

41.—AN GAḊAR AGUS AN MAĊTÍRE.


Ḃí gaḋar ag ḃálcaéraċt dó féin oíḋċe ḃreáġ spéir ġealaíġe. Do casaḋ maċtíre air. Ḃí an gaḋar go coṫuiġṫe láidir sleaṁain. Ḃí an maċtíre go caol agus go lom agus go h-ocraċ.

“Is mór an ionga liom,” arsan maċtíre, ”tusa ċóṁ beaṫuiġṫe agus mise ċóṁ lom. Is treise agus is feár ċum fiaḋaiġ [ 30 ]mé ’ná ṫu, agus féuċ, is fearr a ċoṫuíġean tusa ṫú féin ’ná mar ḟéadaim-se mé féin do ċoṫuġaḋ. Conus a ḋéinean tú é?”

“Ní’l bac ortsa ṫu féin do ċoṫuġaḋ ċóṁ maiṫ agus ċoṫuíġimse mé fein aċt go ndéanfair an gnó a ḋéinim,” arsan gaḋar.

“Cad é an saġas gnóṫa é?” arsan maċtíre. ”Ní ḋeaḃrúiġean sé gur gnó ró ċruaiḋ é. Ní ḟeuċan tú mar ḟeuċfaḋ gaḋar a ḃéaḋ marḃ ó obair.”

“Neósfadsa ḋuit cad é an gnó é,” arsan gaḋar. ”Bíon orm an tig d’ḟaire asdoíḋċe agus na biṫeaṁnaig do ḋíbirt.”

“An mbíon a ṫuille?” arsan maċtíre.

“Ní ḃíon a ṫuille,” arsan gaḋar, ”agus rud is fearr ’ná san, ní’l aon ġno is fearr a ṫaiṫnean liom ’ná é.”

“Andaiġ,” arsan maċtíre, ”is breáġ bog a ṫuillean tú do ḃeaṫa, agus mise ag sguabaḋ na gcnuc ar feaḋ ċeiṫre n-uaire fiċid b’ḟéidir, go minic, sul a ḃfaġaim lán mo ḃéil de ḃia.”

“Ní’l aoinne ’ġá iaraiḋ ort,” arsan gaḋar.

“Ar ṁisde ḋom dul i n-aonḟeaċt leatsa anois,” arsan maċtíre, ”agus déanfad an obair a ḋéinean tusa?”

“Téanam ort,” arsan gaḋar.

Ḃí an ḃeirt ag sodar le cois a ċéile, ag déanaṁ ar an dtig ’nar ḃain an gaḋar leis. Féuċaint d’á dtug an maċtíre ar ṁuineál an ġaḋair ċonaic sé rud éigin.

“Cad é an rian é sin a ċím ar do ṁuineál?” ar seisean leis an ngaḋar.

“Aċ! ní fiú biorán a’s é sin,” arsan gaḋar. ”Ní’l ann san aċt rian an tslaḃra a ḃíon orm i gcaiṫeaṁ an lae. Gaḋar droċ ṁiotalaċ iseaḋ mé, agus caitear mé ċeangal i gcaiṫeaṁ an lae le h-eagla dá dtigeaḋ aon ċóṁarsa isteaċ go mbéarfainn air.”

“Agus a’mbíon slaḃra ar do ṁuineál i gcaiṫeaṁ an lae?” arsan maċtíre agus iongna air.

“Bíon,” arsan gaḋar, ”aċt nuair ḃéaḋ taiṫíġe agat air ní ċurfá suím ar biṫ ann.”

“Ambasa, a ṁeic ó,” arsan maċtíre, ”do ċuirfinnse suím ann. Dá gceangaltaí mar sin mé do ḃrisfinn an ceangal nó ṫaċtfinn mé féin. Níor cuireaḋ aon ċeangal ríaṁ orm agus ní curfar ċoíḋċe. Is fearr liom mo ċoṫúġaḋ féin dá olcas é agus cead mo ċos, tré ċnucaiḃ agus tré ċoílltiḃ, ’ná do ċoṫuġaḋ-sa dá ḟeaḃas é, agus do ṡlaḃra. Go dtéiḋir slán!” Do léim sé ṫar claiḋ agus ċuir sé an réiḋ ó ṫuaiḋ dé.

An Múineaḋ.

Is mairg a ḋíolfaḋ é féin ar a n-íosfaḋ sé.

Ní ḟuilgean saor aicme slaḃra.