Jump to content

Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Capal agus an Fiadh

From Wikisource
182106Aesop a tháinig go h-Éirinn — An Capal agus an FiadhPeadar Ua LaoghaireAesop
[ 31 ]

42.—AN CAPAL AGUS AN FIAḊ.


Ḃí fiaḋ agus capal i n-aon ḟosuíġeaċt. Ṫroideadar. Toisg na h-aḋarca géara do ḃeiṫ ar an ḃfiaḋ do ḃuaiḋ sé ar an gcapal agus do ḋíbir sé as an ḃfosuíġeaċt é. D’imṫiġ an capal ag trial ar an ḃfear agus ḋéin sé a ġearán leis, agus d’iar sé air conġnaṁ do ṫaḃairt dó ċum an ḟiaḋ do ṁarḃaḋ.

“Conus ḟéadfainnse congnaṁ do ṫaḃairt duit?” arsan fear. ”Tá an fiaḋ ró ġéar ’na ruiṫ ḋom.”

“Béarfadsa ar mo ṁuin ṫu,” arsan capal, ”agus tiocfaimíd suas leis.”

“Tá go maiṫ,” arsan fear. ”Ní mór dom, áṁ, srian agus ialait do ċur ort.”

“Táim sásta,” arsan capal, ”aċt go ḃfeicfad díoġaltas d’á imirt ar an rógaire úd na n-aḋarc.”

Do cuireaḋ srian agus ialait ar an gcapal agus ċuaiḋ an fear ar a ṁuin. Do leanaḋ an fiaḋ. Do ruiṫ sé aḃfad, aċt do tánaṫas suas leis agus do marḃaḋ é.

“Seaḋ!” arsan capal. ”Bíoḋ san aige! Táim sásta anois. Sgaoíl uait mé. Táim ana ḃuiḋeaċ díot.”

“Ó! Ambasa,” arsan fear, ”ní ḟéadfainn tú sgaoíleaḋ uaim ar an gcuma san. Nuair ḃeiḋ an fiaḋ seo ite agam ní mór ḋom tusa ḃeiṫ agam ċum ceann eile do ṁarḃaḋ. Tá árd ċoisíġeaċt agat. Is mór an seans a ḃí orm agus tu ṫeaċt ċúgam. Taḃarfad do ḋóiṫin le n-iṫe ḋuit, ná bíoḋ eagal ort.”

Tá an capal fé smaċt an ḟir ó ṡoin.

An Múineaḋ.

Is olc é an rún-díoġaltais.

Má’s mian leat olc do ḋéanaṁ ar do naṁaid agus congnaṁ d’ ḟáġail ċuige, seaċain sul ar ṁeasa ḋuit ċúgat an congnaṁ ’ná an naṁaid. Seaċain sul a ndéanfá mar ḋéin Diarmuid Ṁaoil na mbó.