84
“Táir ag éirġe slán, aereaċ, deisḃéalaċ arís; tá an t-aṫair agus an ṁáṫair ag teaċt ar ais do'n ḟeilm ḃig; agus tá mór-ṗost nua fáġalta agam—naċ sonasaċ an sgéal ar fad é,” ar Caoiṁġín.
Cuir sé i n-úil di a raiḃ le ráḋ ag an árd-ṫuairisgeoir agus ag an eagarṫóir.
“Deirtear gur i ḃfad ó ḃaile ḃíonn na h-iongantais. Ní fíor an sean-ḟocal. Taisbeánann ár sgéal-ne gur ag baile a ḃíonn na sár-iongantais,” ar Úna.
“Agus ionainn féin,” ar Caoiṁġín. “Ní raiḃ ins an trioblóid aċt néalta. Tá na néalta imṫiġṫe. Tá an solus ann. Moṫuiġeann ár n-anamanna a stáid ḋúṫċais. Aiṫ-ḟilleaḋ ar Neaṁ é.”
“A ḃeiṫ mar atámuid anois, ċóṁ áṫasaċ ionainn féin, an oiread sin aoiḃneasa 'nár dtimċeall agus atá annso cois Ċuain Áṫa Cliaṫ, agus an oiread sin oibre le déanaṁ againn ar son na mboċt agus ar son ár dtíre—naċ mbeimís sásta go deo, a Ċaoiṁġín?”
“Ḃéimís,” ar seisean, agus ḋo ṗóg sé í. “Cuiṁniġeann tú i gcoṁnuiḋe ar na boċtáin agus na daoine nár ṁoṫuiġ Ríoġaċt Neiṁe ionta féin fós.”
“Is truaġ liom iad go léir,” ar Úna. “Cé an fáṫ go ḃfuilmid-ne ċóṁ sona agus na mílte i gcruaḋċás?”
“Is fada an sgéal é, a ġile,” ar Caoiṁġín. “Gráḋ glan, beannuiġṫe a ṫreoruiġ sinne go Ríoġaċt Neiṁe. Ní mór dúinn oibriuġaḋ ar son na mílte naċ ḃfuil i ngar di fós.” …
Inneosfar sgéal na h-oibre sin lá éigin, le congnaṁ Dé. Anois fágamuid slán ag Úna agus ag Caoiṁġín, go gráḋṁar, sonasaċ mar atá siad 'na dtigín aoiḃinn cois Ċuain Áṫa Cliaṫ.
(A ĊRÍOĊ.)