74
Tamall 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Caoiṁġín agus Úna go dtí gleanntán deas, deic míle ó Ḃaile an tSíoda Móna. Ḃíodar annsin ar feaḋ trí seaċtṁaine, agus ḃí an oiread eile áṫais orṫa a's mar ḃí ins na laeṫeannta a ċaiṫeadar cois na fairrge i ḃFine Gall tar éis an ṗósta.
CAIB. a XXII.—AN DROĊ-SGÉAL A FUAIR CAOIṀĠÍN.
D'ḟág Caoiṁġín agus Úna a d”Tír na nÓg” fán dtuaiṫ, agus ċuadar ar ais go Baile Áṫa Cluiaṫ. Aċt ḃí Tír na nÓg 'na gcroiḋṫe agus 'na n-anamainn féin, agus nuair ċuireadar fúṫa sa dtigín i nDuṁaċ Muirḃṫean do ṡáruiġ a sóġ agus a n-aoiḃneas agus a n-áṫas ar a raiḃ orṫa riaṁ. Ṡaoil Caoiṁġín gur spiorad a ḃí i n-Úna, agus do ċrom sé arís an ċéad lá ar an “leaḃar mór” do sgríoḃaḋ. Ṁeas sé go mbéaḋ an leaḃar go h-áluinn, agus go mbéaḋ saoġal aoiḃinn i gcinneaṁain dó féin agus dá ṁnaoi ġleoiḋte, ġráḋṁair. Fuair sé litir ó n-a ṁáṫair a ċuir bród agus suaiṁneas ar a ċroiḋe. Duḃairt sí go raḃadar slán, croiḋeaṁail tar éis na trioblóide, agus go mbéidís ar ais ar an ḃfeilm ḃig i gceann ráiṫe, le congnaṁ Dé. Ċuir Aimeirioca sgáṫ agus sgannraḋ orṫa, agus ṡaoil sí ar uairiḃ go raiḃ sí ag siaḃránaċt.
Ar maidin Dé Saṫairn 'seaḋ ṫáinig Caoiṁġín agus Úna ar ais go Baile Áṫa Cliaṫ. Dia Luain 'na ḋiaiḋ sin ċuaiḋ Caoiṁġín ċun na h-oifige.
Ṫáinig iongnaḋ air nuair a ċonnaic sé an t-árd-ṫuairisgeoir. Ba ċosaṁail go raiḃ rud éigin ag déanaṁ buaiḋearṫa dó.
“Ḃfuil tú ċóṁ láidir a's do ḃí tú riaṁ,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir.
“Táim,” ar Caoiṁġín, “agus i ḃfad níos láidire, buiḋeaċas mór le Dia.”
“Is aoiḃinn liom é sin,” arsan t-árd-ṫuairisgeoir. “Duḃairt mé leat sa litir gan teaċt ar ais no go mbéiṫeá ċóṁ láidir agus do ḃí tú riaṁ.”
Ḃí sé ag smaoineaḋ ar feaḋ tamaillín.
“Tá tú óg, a Ṁic Uí Ċearnaiġ,” ar seisean fá ḋeoiḋ, “agus tá tú láidir, agus tá misneaċ agat. Tá go maiṫ.”
Do smaoiniġ sé ar feaḋ tamaillín eile.