63
h-áluinn sin baḋ ċóir go mbéinn ag cumaḋ litriḋeaċta. Fan go mbéad ar ais i mBaile Áṫa Cliaṫ.”
Do b'ḟada an ḟanaṁaint í. Aċt is beag a ṡaoileadar go mbéaḋ an sgéal mar sin.
CAIB. a XVIII.—AN LITIR Ó N-A ṀÁṪAIR.
Maidin lá ar n-a ḃáraċ fuair Caoiṁġín beart litreaċa a ṫáinig ċun na h-oifige dó. Ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige iad fá ċlúdaċ mór. Aċt ó ḃí Caoiṁġín ag triall go tapaiḋ ó áit go h-áit ní ḃfuair sé i dtráṫ iad. Nuair d' osgail sé an clúdaċ fuair sé imeasg na litreaċ ceann a ḃí ar an mbealaċ le fada. Cuireaḋ ar dtús go Duṁaċ Tráġa Ṁuirḃṫean í—fá ċúram Ṡeáin Uí Ṁurċaḋa. Annsin cuireaḋ go teaċ Ṡeáin i mBéilfeirsde í. 'Na ḋiaiḋ sin ċuir Seán go dtí oifig Ċaoiṁġín i mBaile Áṫa Cliaṫ í, agus ċuir an t-árd-ṫuairisgeoir go Caoiṁġín i gCúige Ċonnaċt í, i n-aoinḟeaċt leis na litreaċa eile.
“Go deiṁin, is fada go dtáinig tú, a litir ḃoiċt,” ar seisean. “Agus gan bréag a ráḋ tá rian an turais ort.”
Annsin do ċonnaic sé, do réir mairc ṗosta, gur as a ḃaile dúṫċais féin a ṫáinig sí ar dtús. D' osgail sé go tapaiḋ í.
Ba ḋeacair an rud í léiġeaḋ. Ba léir dó naċ raiḃ cleaċtú ag an sgríḃneoir. Aċt ṫáinig toċt ar a ċroiḋe nuair fuair sé amaċ gurḃ í a ṁáṫair féin do sgríoḃ í . . .
“Cad tá ort, a Ċaoiṁġín a ċroiḋe?” ar Úna agus imniḋe uirṫe. “An ḃfuair tú droċ-sgéal?”
“Fuaras, fairíor!” ar seisean, “aċt níl sé soiléir dam i n-aon ċor. Tá trioblóid éigin ar mo ṁáṫair.”
Do sgrúdaiġ sé an litir ar feaḋ tamaill eile. Annsin d' ḟéaċ sé ar Úna, aċt níor ḟéad sé focal a ráḋ.
Ċuir an ṁáṫair i n-úil dó—nó rinne sí iarraċt ċun é ċur i n-úil dó—go raḃadar i gcruaḋ-ċás, aċt go raiḃ “ticéidí an turais” tar éis teaċt ó na cailíní. Baḋ ṫruaġ leo imṫeaċt as Cluaintobair, aduḃairt sí, aċt ḃí eagla orṫa naċ raiḃ leiġeas aca air. Do ġuiḋ sí air litrín a ċur ċuca ċóṁ luaṫ i n-Éirinn agus a b'ḟéidir leis.
Níor ṫuig Caoiṁġín an tráċt i dtaoiḃ na gcailíní, aċt ṫáinig imniḋe agus eagla ar a ċroiḋe. A aṫair agus a