Jump to content

Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/63

From Wikisource
This page has been proofread.

55

ná Críostaṁail é, buaċaillí agus cailíní a ḃeiṫ mór le n-a ċéile, ná fonn pósta ḃeiṫ orṫa. Dá ḃríġ sin ḃí náire ar na daoine óga i dtaoiḃ gráḋa agus pósta. Ba ṁór an t-aṫrú a ḃí tagaiṫe ar intinn Ċaoiṁġín ó d'ḟág sé slán ag Cluaintobair, aċt níor ḟág sé slán ag a ḋúṫcas.

Ḃí troid ar siuḃal 'na intinn i dtaoiḃ an ġráḋa. D' adṁuiġ a intleaċt nárḃ uasal, tairḃeaċ an rud an gráḋ céadna. D' aontuiġ sé le n-a raiḃ le ráḋ ag na múinteoirí móra agus na saoiṫe naoṁṫa 'na ṫaoiḃ. Ba h-aoiḃinn agus ba h-acraċ do ċuid ṁór de'n ċineaḋ daonna é, aċt ḃí daoine ann agus b' ḟearr go mór dóiḃ ḃeiṫ gan é. Ḃí obair ṁór, neaṁ-ċoitċeann le déanaṁ aca; ḃí sé riaċtanaċ orṫa an gráḋ do ṡeaċaint, agus leanaṁaint go meisneaṁail ar an mbealaċ mór, uaigneaċ gur ḋual dóiḃ a leanaṁaint air. Is minic i gciúineas na h-oiḋċe d' éiriġ árd-aoiḃneas agus sár-ṡonas i n-intinn Ċaoiṁġín; d' éiriġeadar ċóṁ mór sin a's nár ṁoṫuiġ sé go raiḃ an “gnáṫ-ḋuine” ná an gnáṫ-ṡaoġal ann i n-aon ċor. Ba léir dó annsin an árd-ḃeaṫa a ḃí le fáġail aige, dá mb' áil leis í; ba léir dó gur ḃeaṫa gan gráḋ í. Ḃí a intinn socruiġṫe ar feaḋ tamaill. Aċt annsin do ṫiocfaḋ smaointe ar áilneaċt agus ar ġráḋṁaireaċt Úna, do ṫiocfaḋ na smaointe sin mar ṫuinn agus mar ṫuile na fairrge. Ba léir dó annsin naċ raiḃ uaiḋ aċt í.

Tar éis morán litreaċa do ċur ċuiċe agus morán litreaċa a ḟáġail uaiṫe ċuaiḋ sé ar cuaird ċuiċe go Fine Gall lá. Ní raiḃ aon rud socruiġṫe aca fós, agus ḃí obair Ċaoiṁġín trí n-a ċéile. Anois agus arís do ċrom sé le fuinneaṁ ar ċumaḋ agus sgríḃneoireaċt an leaḃair, agus d' éiriġ leis go breaġ ar feaḋ tamaill. 'Ná ḋiaiḋ sin ní raiḃ sé 'na ċumas leaṫanaċ a sgríoḃaḋ i riṫ seaċtṁaine, mar ġeall ar an tuirse do ċuir obair an ṗáipéir air agus an draoiḋeaċt do ċuir Úna air.

Ċuadar go bruaċ na fairrge arís, agus do b' ḟada an seanċus a ḃí eatorṫa annsin. Ḃí Úna níḋ ba ḋeis-ḃéalaiġe 'ná riaṁ, aċt ar tagairt do'n ṗósaḋ do Ċaoiṁġín d' éiriġ sí sgáṫṁar. Ċuir sí i n-úil dó an imniḋe agus an eagla a ḃí uirṫe roiṁ an bpósaḋ. I ndeireaḋ na dála d' adṁuiġ Caoiṁġín 'na intinn féin go raiḃ an ceart aici.

“Béiḋmid go gráḋṁar dá ċéile i gcoṁnuiḋe, a Ċaoiṁġín,” ar sise. “Béad-sa ag obair imeasg na