26
t-Aṫair Ó Doṁnalláin, an sagart paráiste, gur ċóir dam ḃeiṫ cúramaċ. Ceapann sé go n-éireóċaiḋ mé tuirseaċ di. Ní éireóċad.”
“Tuigim go maiṫ an gráḋ atá agat do ḋaoiniḃ agus do ṡaoġal mar iad,” ar Caoiṁġín. “Aċt tá rudaí eile i d' intleaċt, agus béiḋ siad-san ag fás i n-aiṁḋeoin do ḋíṫċill. Tá dúil agat i litriḋeaċt ṁóir, agus do léiġ tú a lán feallsaṁnaċta i Maġ Nuaḋad——”
“An iomarca feallsaṁnaċta baḋ ċeart duit a ráḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá a lán dá múnaḋ i Maġ Nuaḋad naċ mbaineann le saoġal an ċiniḋ ḋaonna. Tá siad ċóṁ cruaiḋ, neaṁ-ṫairḃeaċ le téarmaí luiḃeolais. Tá simpliḋeaċt ag teastáil uainn go léir. Bun na beaṫaḋ móire í. Is iongantaċ an méid simpliḋeaċt atá i múnaḋ agus i mbriaṫra ár dTiġearna—gioḋ go ḃfuilid ċóṁ glórṁar sin.”
“Ḃí an smaoineaḋ céadna im' aigneaḋ go minic le déannaiġe,” ar Caoiṁġín. “Agus seo rud a ċuirfeas iongnaḋ ort, b'ḟéidir. Nuair a ḃím ar céiliḋe, nó ar cuairdiḋeaċt, cois na teineaḋ, nó i mbuiḋin Gaeḋilge ar biṫ, ceapaim go mbíonn Críost i n-aice linn. Nuair a ḃím ins na bailtiḃ móra i riṫ an lae ní mar sin a ḃíos an sgéal.”
“Ní ċuireann sin iongnaḋ orm,” adeir an t-Aṫair Muiris. “Nuair a ḃímíd ins na buiḋniḃ Gaeḋilge éiriġeann an cáirdeas, an ċarṫannaċt, agus an ċroiḋeaṁlaċt atá ionainn—sin é spiorad Ċríost.”
“Aċt anois agus arís ceapaim go mbíonn sé cosaṁail leis an spiorad a ḃí in-Éirinn i n-aimsir Ċúċulainn agus i n-aimsir na ḃFiann—nuair naċ raiḃ eolas ar Ċríost i n-Éirinn ar ċor ar biṫ,” duḃairt Caoiṁġín.
“'Seaḋ,” arsan t-Aṫair Muiris. “Tá spiorad Gaeḋeal an lae indiu fíor-ċosaṁuil le spiorad na nGaeḋeal a ḃí 'na mbeaṫaiḋ i n-aimsir Ċúċulainn agus i n-aimsir na ḃFiann. Tá spiorad Ċríost ionnta seo anois; agus ḃí spiorad Ċríost ionnta súd annsin, ċóṁ cinnte agus ḃí físeanna ann sul ar rugaḋ Dante. Ḃí spiorad Ċríost sa gcineaḋ daonna ċóṁ fada siar agus do ḃí ann. Ḃí diaḋaireaċt agus cráiḃṫeaċt imeasg na ‘bPágánaċ.’ Ḃí an saoġal i n-allód i ḃfad 's i ḃfad níḋ ba ġlórṁáire 'ná mar ċeapann na sluaiġte indiu. Is deacair é ṁíniú, aċt——”