18
ḋúisiġ mé, agus ḃí iongnaḋ an doṁain orm faoi ráḋ a's go raiḃ sé 'na lá ġeal ġréine. Ní raiḃ tinneas ar biṫ orm. Duḃairt mé liom féin go mbéaḋ an-áṫas ar Úna faoi sin. Ní raiḃ sí i n-aice liom, nó le feicsint ar ċor ar biṫ, agus ċeapas go raiḃ sí i seomra eile. Do ġlaoiḋeas uirṫe, aċt níor ṫug sí freagra orm. Tamall 'na ḋiaiḋ sin d' osclaḋ an doras agus ṫáinig sí isteaċ. Ċóṁ luaṫ agus d' ḟéaċ sí orm do sgread sí agus do riṫ sí amaċ ag gol go truaiġṁéileaċ. Do riṫeas amaċ 'na diaiḋ. ‘A Úna! a Úna!’ arsa mise, ‘cad tá ort in ao' ċor?’ Aċt níor ċuir sí suim ar biṫ ionam, aċt lean sí de'n ġol-ġáire. Annsin ṫáinig tusa—'seaḋ, tusa féin—suas na staiġrí. ‘Ó, a Ċaoiṁġín a Ċaoiṁġín!’ ar Úna, ‘tá mo ṁáṫair tar éis ḃáis.’ ‘Táir ag taiḋḃreaḋ, a Úna, a ċuisle,’ duḃairt mise léi, ‘táim ċóṁ slán agus do ḃí mé riaṁ.’ Aċt níor éist sí liom. ‘Abair léi, a Ċaoiṁġín,’ duḃras leat-sa, ‘abair léi go ḃfuil sí ag dul amuġa go mór. Ag siaḃránaċt atá sí, an cailín boċt.’ Aċt níor ċuiris suim ionam aċt an oiread. Ċuaiḋ siḃ araon go dtí an seomra—an seomra so. Ṫáinig mise in ḃur ndiaiḋ. Do ṫosnuiġ Úna ag gol arís nuair d' ḟéaċ sí ar an leabaiḋ. Annsin do ċonnaiceas go raiḃ mo ċolann sa leabaiḋ agus é marḃ dáríriḃ. Aċt ḃíos cinnte go raiḃ mo ġnáṫ-ċolann orm, agus go raḃas fíor-ḃeo, agus dubairt mé liḃ go raḃas. Aċt níor éist siḃ liom, agus do réir cosaṁlaċta níor ṡaoil siḃ go raḃas láiṫreaċ ar aon ċor. Do ċuireas mo láṁ le muinéal Úna, aċt fuaras amaċ annsin naċ raiḃ moṫuġaḋ ar biṫ sa láiṁ. Níor ḃ'ḟéidir liom aon rud, beag ná mór, a ċur i n-iúl díḃ. Rinne tú do ḋíṫċioll le Úna a ṡolású, ag ráḋ a's ag síor-ráḋ léi go raḃas ar ṡliġiḋ na fírinne agus naċ raiḃ pian nó trioblóid orm. Tar éis tamaill ċuaiḋ siḃ amaċ. Ċuaiḋ mise fós. Is iongantaċ mar a ḃíos i n-ann dul ó áit go h-áit; níor luaiṫe smaoiniuġaḋ 'ná triall. Ḃí iongnaḋ agus ollsaċt im' ṫiṁċeall. Ċonnaiceas morán daoine a fuair bás le linn mo ṡaoġail. Níor ċuireadar suim ionam. Do réir cosaṁlaċta ḃí cuid aca an-ġnóṫaċ, cuid eile aca ag taiḋḃreaḋ, agus an ċuid ba ṁó aca gan ċúram ar aon rud aċt orṫa féin. Laḃras le n-a lán, aċt freagra ní ḟuaras uaṫa. Fá ḋeire casaḋ sean-ċara orm, aċt ba ḋeacair dó féin mé ṫuigsint. Aċt annsin ṫáinig ċugam duine a ḃí cosaṁail le fíor-spiorad, agus ṁíniġ sé an sgéal dam. ‘A ḃfuil annso anois,’ ar sé,