16
Cuireaḋ fáilte a's fiċe roiṁ an laoċ agus d' éiriġ árd-ġreann.
“Tá brón orm faoi naċ féidir liom fanaṁaint,” ar seisean tar eis tamaill. “Tá mé ar lorg hata: sean-hata, agus sean-hata ċóṁ gránda agus is féidir le sean-hata a ḃeiṫ. Táim ar a lorg ó luiġe na gréine, agus sgrúduiġ mé timċeall le céad ceann. Ḃíodar gránda agus giobalaċ, gan aon ġó, aċt ní ḋéanaḋ ceann aca an gnó.”
“Ar ċuairdiġis Coláisde na Trionóide?” ar Pilib.
“Á, ná bí ag déanaṁ grinn, a ḃiṫeaṁnaiġ,” ar Duḃġlas agus é ag gáire, “ní cúis ġáire é aċt cúis ḃróin.”
“Baḋ ḋóiġ le duine go ḃfuil sean-hataí ċóṁ flúirseaċ in Áṫ Cliaṫ agus atá sean-ḟiliḋeaċt féin,” ar Caoiṁġín, agus d'ḟéaċ sé ar Ṫaiḋgín.
“Agus i n-ainm An Staid cad tá le déanaṁ agat le sean-hata, a ċara na nGaeḋeal?” arsan Gruaġaċ.
“Béiḋ ‘An Tinncéir agus an tSiḋeog’ 'gá léiriú i gceann cúpla lá”——
“Tá ḟios againn go léir go ḃfuil, aċt——”
“Mise a ḃéas mar ṫinncéir,” ar Duḃġlas. “Sin é an fáṫ go ḃfuil an sean-hata gránda ag teastáil uaim. Aċt do réir cosaṁlaċta níl le fáġail i mBaile Áṫa Cliaṫ ar fad sean-hata atá oireaṁnaċ do ṫinncéir. Is moḋṁar an áit í.”
“Mo ċreaċ ċráiḋte! Mo ġaoṫ adtuaiḋ!” ar Taiḋgín. “File agus fear léiġinn agus treoruiḋe na nGaeḋeal ag dul ar ardán mar ṫinncéir! Mó léan géar! Táimíd caillte anois nó riaṁ. Fágfaiḋ na daoine faisiúnta slán ag an gConnraḋ.”
“Is cuma cé'n hata a ḃéas ort, a Ṫaoisiġ,” ar Caoiṁġín, “ċíḋfiḋ na Gaeḋil cinn-ḃeirt a's caṫḃarr iongantaċ, spriodálta ar do ċeann i gcoṁnuiḋe.”
“Nó ċíḋfiḋ siad fáinne ṡoluis——” arsan Gruagaċ.
“Is miṫid dom gluaiseaċt,” ar Duḃġlas, “nuair atá siḃ ag éirġe plámásaċ.”
Ċuiṁniġ Pilib ar ṡean-hata fíor-ġránda a ḃí 'na ṫiġ ósta féin. Fuair sé é, agus do ṫaiṫniġ sé go mór le Duḃġlas. Baḋ ḋóiġ leat air gur seoid a ḃí ann.
“Ṫar a ḃfacas riaṁ!” ar Taiḋgín, nuair ḃí Duḃġlas imṫiġṫe.