12
ḟág sé a ṡlán aca. Ní raiḃ leiġeas air sin. Aċt do rinne sé buaiḋirt dó.
CAIB. a IV.—GRÁḊ AGUS GREANN.
“Cá ḃfuilir ag dul anois?” ar Seán Ó Murċaḋa le Caoiṁġín oiḋċe nuair ḃí obair Ċaoiṁġín críoċnuiġṫe agus é ag fágáil na h-oifige. Ḃí Seán 'na ḟó-eagarṫóir, agus b' éigin dó fanaṁuint níḋ ba ḋéanaiġe.
“Ḃíos ag ceapaḋ go raġainn go dtí an Stad,” ar Caoiṁġín. “Adṁuiġeann tú go ḃfuil sé níos aeriġe 'ná do ḃí ‘Táḃairne na Maiġdine Mara.’”
“Is greannṁar an feallsaṁnaċ ṫú,” ar Seán. “Ḃíos ag ceapaḋ naċ stadfá go raċfá ċun na sléiḃe. Níl An Stad oireaṁnaċ d' ḟeallsaṁnaċ. Níl aċt greann agus tobac le fáġail ann. A' gcaiṫeann tú tobac fós? Naċ gcuiṁniġeann tú ar a ndeireann na feallsaṁain ṁóra fá'n ‘dúil-ċorp,’—an nádúir íoċtaraċ?”
“Cuireann tobac an dúil-ċorp ar a ṡuaiṁneas,” ar Caoiṁġín. “Leis an ḟírinne d' innsint triallaim ar An Stad go minic mar tá sé cosaṁail le ceardċain nó le tiġ ġréasaiḋe fá'n dtuaiṫ. Sgaipeann an greann an t-uaigneas.”
“An mbíonn uaigneas ort?” ar Seán. “Naċ ḃfuil Úna Ní Ċuilleannáin i mBaile Áṫa Cliaṫ anois?”
“Táir d' aon-ċorp ṁagaiḋ anoċt, a Ṡeáin,” ar Caoiṁġín.
“Tá an sgéal céadna ag Úna go minic,” ar Seán. “Cailín níḋ ba aeriġe ná í níor leagas súil riaṁ uirṫe. Aċt is áluinn, gleoite, móḋaṁail an cailín í mar an gcéadna. Agus tá géar-intinn ċóṁ maiṫ le mín-áilneaċt aici. Ní féidir le filiḋe na Muṁan cur síos uirṫe. Go n-éirġiḋ áḋ leat—is fearr pósaḋ 'ná feallsaṁnaċt.”
Do ċaiṫ Caoiṁġín leaḃar le Seán agus d' imṫiġ leis.
D' adṁuiġ sé dó féin agus é ag déanaṁ ar an Stad gurḃ iongantaċ an cailín í Úna. Níor ġéill sé do ċailíní ariaṁ, aċt an oiread le síḋeoga; aċt ní mar sin a ḃí an sgéal aige i dtaoiḃ Úna. Ní raiḃ sé aċt leaṫ-ḃliaḋain ó ċasadar ar a ċéile an ċéad uair san Árd-Ċraoiḃ de Ċonnraḋ na Gaeḋilge, aċt dá mba rud é go raiḃ aiṫne aige uirṫe le bliaḋanta níor ḃ' ḟéidir le n-a tréiṫe agus a h-intinn