Jump to content

Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/16

From Wikisource
This page has been proofread.

8

Aċt anois agus arís ṫáinig dólás agus uaigneas uaṫbásaċ air gan fios cé'n fáṫ—agus é ag cruinniġṫe móra nó céiliḋṫe aereaċa féin. Ṡaoil sé annsin go raiḃ seisean, agus an cineaḋ daonna, 'na ndeoraiḋṫe—díbearṫa mar ġeall ar ċoir ṁilltiġ éigin, ó ḋúṫċas a n-anamann, agus gan eolas aca ar ḃealaċ a ḃfillte.

“Níl aon rud gur fiú traċt air aċt cuma spriodálta,” duḃairt sé leis féin go minic. “Is cuma spriodálta Neaṁ féin. Dá mba rud é go mbéaḋ cuma áṫasaċ spriodálta orainn annso, agus é a ḃeiṫ seasmaċ—gan sinne a ḃeiṫ ag géilleaḋ do rudaí suaraċa, corporḋa—ḃeaḋ Neaṁ againn. Aċt tá ár n-anamanna 'na gcodlaḋ, naċ mór, le linn ár saoġail. Cia'n ċaoi is fearr ċun iad a ċoiméad 'na ndúiseaċt? Sin í an ṁór-ċeist.”

Nuair naċ raiḃ aon rud ar siuḃal i gcraoḃaċa Ċonnraḋ na Gaeḋilge d' éiriġ sé mí-ṡásta le saoġal Áṫa Cliaṫ.

“Níl saoġal intleaċtaċ againn ar ċor ar biṫ,” aduḃairt sé le Seán Ó Murċaḋa. “Fásaċ is eaḋ Baile Áṫa Cliaṫ, agus níl aċt gaineaṁ le fáġail ins na tobarlaiġ féin—na craoḃaċa—anois.”

“Is deacair ṫú do ṡásaṁ,” ar Seán. “Tá saoġal Áṫa Cliaṫ ag éirġe ró-intleaċtaċ ar fad, do réir mo ṫuairme. Cuireann na Gaeḋil óga suim i gceisteanna nár ḃacadar leo ariaṁ roiṁe seo. Tá ‘An Stad’ níos aeriġe ist-oiḋċe 'ná ḃí ‘Taḃairne na Maiġdine Mara’ fad ó. An oiread sin gleo-intinne sa gcaṫair níor ċualas ariaṁ.”

“Is beag í,” ar Caoiṁġín. “Ar ṡliġṫiḃ tá muintir Áṫa Cliaṫ agus muintir na h-Éireann cosaṁail leis na mairḃ. Ní ḋéanaid a gcuid oibre le fuinneaṁ, le h-áṫas, le háird-intinn. Ní ḋéanaid—feilmeoirí, luċt ealaḋan, ceardaiḋṫe, uġdair, ná aoinne eile. Is féidir linn saoġal glórṁar a ċumaḋ agus a ṡaoṫrú ḋúinn féin, aċt támuid lag-ḃríoġaċ agus lag-ċroiḋeaċ. Déanaid na réalta, na bláṫa, na sroṫa, na h-éanaċa, na sléiḃte a gcuid oibre go hoireaṁnaċ agus go héifeaċtaṁail, gioḋ naċ ḃfuil intinn ná anam ionta, nó ceapaimid naċ ḃfuil. Aċt sinne, an cineaḋ daonna––”

“Cuireaḋ Áḋaṁ as Éden,” ar Seán, “agus tá an donas orainn go léir ó ṡoin.”

“Ní cóir dúinn an milleán a ċur ar Áḋaṁ,” ar Caoiṁġín. “Saṁluġaḋ atá 'na sgéal. Áḋaṁ gaċ fear, gaċ fear Áḋaṁ. Tréigeann gaċ duine againn a árd-ḃeaṫa.