This page has been proofread.
A ṀIC ḂIG NA gCLEAS.
A ṁic ḃig na gcleas,
Is maiṫ is fear dom
Go ndearnais mí-ġníoṁ:
Can go fíor do loċt.
Maiṫim ḋuit, a leinḃ
An ḃéil deirg ḃuig:
Ní ḋaorfar liom neaċ
Ar ṗeacaḋ nár ṫuig.
Do ċeann maiseaċ tóg
Go bpógad do ḃéal:
Má’s feirrde aon dínn sin,
Is feirrde mise é.
Tá cuṁraċt id’ ṗóig
Naċar fríṫ fós liom
I bpógaiḃ na mban
Ná i mbalsam a gcorp.
10