chéile. Iad i n-áit agus i n-áit agus i n-áit eile. Ansan iad ins gach aon bhall i n-aonfheacht go dtí go gceapadh na daoine gur istigh ’na gcluasaibh féin a bhíodh an chaismirt! Ansan do h-airigheadh fuaim eile sa cheól, fuaim mar bhéadh cogarnach tóirthníghe. Do ghluais sé fan an urláir, ag borradh agus ag caolughadh agus ag fothramáil. Chuaidh sé tré shaileachaibh an tíghe agus tré adhmad na gcathaoireach agus tré chnámhaibh na ndaoine, agus é ag crith agus ag luasgadh. Do neartuigh air agus do neartuigh air go dtí gur bhailigh sé chuige na ceólta agus na glórtha eile, agus gur sguab sé leis mór-thímpal an tíghe iad mar a dhéanfadh cuilith guarnain. Ansan do neartuigh ar an dtóirthnigh agus do throimigh uirthi, agus do ghéaruigh an casadh agus an luasgadh agus an crith sa n-adhmad agus ins na cnámhaibh, go dtí go raibh luas croídhe agus meidhreán cinn ag teacht ar gach aoinne a bhí láithreach.
Ansan do ghluais glór leinbh an simné amach. Do lean glór mná é. Ansan do ghluais glór mná an simné amach agus do lean glór leinbh é. Ansan do ghluais liach amach agus do lean liach eile í. Ansan do ghluais amach an simné an chéad ghlór duine do h-airigheadh sa cheól. Do lean na ceólta eile iad-san, i ndiaigh ar ndiaigh. Ba ghearr ná raibh le h-aireachtaint istigh ach an tóirthneach, ag luasgadh agus ag crith. Ansan do chiúnuigh agus do chiúnuigh ar an dtóirthnigh, agus do laguigh agus do laguigh ar an luasgadh agus ar an gcritharnach, do mhaoluigh ar an bhfuinneamh agus do chlaochluigh ar an neart, go dtí ná raibh sa tóirthnigh ach gnúsachtach. Ansan do laguigh ar an ngnúsachtach go dtí ná raibh inti ach anál. Ansan do stad sí.
Do ghlaoidh an coileach!
Ní túisge ghlaoidh an coileach ’ná a chuir Báb an Leasa