“Ní caiṫfear agus ní innseóċar,” d’ḟéaċ sí ar an mbeirt againn, “seo,” ar sise, “déanamaís triúr cumann an sgéal a ċoinneál uaiṫi ḟad ’s ṁaireas sí.”
“Beiḋ sí ag súil le litreaċaiḃ uaiḋ,” arsa mise.
“Agus ġeiḃiḋ sí iad,” ar sise, “mar sgríoḃfaiḋ mé féin iad. Ó ċaill sí an t-aṁarc is mise is mó sgríoḃann agus léiġeann litreaċa ḋi nuair ḃíoḋ a mac as baile.”
Rinneamar triúr cumann le ċéile ar an láṫair, dallóg a ċur ar an máṫair aonraic faoi ḃás a mic....
Sgríoḃaḋ an ċéad litir an oiḋċe sin. Ag Áine ḃí an peann; ḃí mise ar a láiṁ ċlé agus an sagart ar a láiṁ ḋeis. Níor laḃraḋ ar feaḋ sgaṫaiṁ ḃig. Ḃí cineál sgáṫ orainn—ag cumaḋ litre ó’n saoġal ṫall....
“A ṁáṫair ḋílis ionṁuin,” arsa mise le tús a ċur ar an obair.
“Ní heaḋ,” arsa Áine, “ní abróċaḋ sé mar sin é. Ní abróċaḋ sé aċt “a ṁáṫair."”
Sgríoḃ sí síos an dá ḟocal sin.
Sgrúdaiġeas go géar í agus í ag sgríoḃaḋ. Ṫugas faoi deara ċoṁ teann trom is ḃí a giall, ċoṁ deáġċumṫa leigṫe is ḃí na malaí, an ċaoi ċorruiġeaḋ sí na pusa ó am go ham....
“Tá an tsláinte ṫar bárr agam ó d’ḟágas an teaċ.” arsa mise le dul ar aġaiḋ leis an litir.
“Ní abróċaḋ sé focal faoi n-a ṡláinte,” ar sise, agus ṡílṫeá go raiḃ sí le amadán a ṫaḃairt orm naċ raiḃ aiṫne níos feárr agam ar an ḃfear ḃí marḃ.
“An troid seo ḃí i mBaile Áṫa Cliaṫ,” ar sise