Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/161

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
145
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

nuair d’eiriġeaḋ ḃeidís glanta. Aċt ní túisge ṡuiḋeaḋ sé arís ná d’eiriġeaḋ péire eile ós a ċoṁair....

Táinic bean a’ tiġe isteaċ agus lampa aici. Ḋeasuiġ sí an bórd agus d’ḟág an tae air. B’aoiḃinn leis í ḟeiceál. Ní ḃainfeaḋ draoiḋeaċt ná diaḃ- laiḋeaċt leis an áit an ḟad is ḃéaḋ sise ann.

D’iarr sé uirri sgaṫaṁ a ċaiṫeaṁ leis.

Ċaiṫ. Aċt ní raiḃ sí i ḃfad ann gur eiriġ sé smaointeaċ. Níor ḟan aon ċainnt aige. Lean sise ġá cniotál, aċt níor airiġ sí go ḃfaca sí a lóisdeóir ar a haġaiḋ amaċ, a ċaṫaoir i n-áirde aige agus gaċ sgréaċ uaiḋ—

“Sgrios! Sgrios! Sgrios!” deireaḋ sé i n-árd a ġoṫa agus friġid na buile n-a ṡúil....

Aċt ní ar ḃean a’ tiġe ḃí sé ag bagairt na caṫaoireaċ aċt ar na súile ḃí ġá ċéasaḋ!

D’eiriġ léiṫi é ṁeallaḋ, agus iallaċ a ċur air an leabaiḋ a ṫaḃairt air féin. Aċt ní codlaḋ ciúin a fuair sé. Ċuala bean a’ tiġe é ag ráṁalaḋ agus ag cur síos ar ṡúile de’n uile ċineál agus de’n uile ḋaṫ go raiḃ sé i ḃfad san oiḋċe....

Ḃí an ṁaidin go haoiḃinn. Grian na Bealtaine ag órḋaḋ na caṫraċ brónaiġe. Balaḋ trom na fairrge isteaċ ar an ngaoiṫ. Faoileáin go glion- daraċ agus go sgréaċaċ ós cionn na haiḃne. Dia ag iarraiḋ croiḋṫe cráiḋte a ṁuinntire a ṫógḃáil....

Ṡiuḃal an bleaċtaire cuid ṁór de’n ċaṫair roiṁ an deiċ a ċlog. Ḃí a ṡeanċrot féin ag teaċt ar