Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/63

From Wikisource
This page has been proofread.
Caib. XIX. 5
53
MAITIÚ

agus bainean, agus dubhairt sé: 5[1]Mar gheall air sin, fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n‑a mhnaoi, agus beid siad ’n‑a mbeirt i n‑aon feóil. 6D’á bhrígh sin, ní dhá fheóil iad feasda, ach aon fheóil amháin. Uime sin, an nídh a cheangail Dia ná sgaoileadh duine é. 7Dubhradar san leis: Cad chuige, má ’seadh, gur [2]órduigh Maois leitir a díbearta thabhairt di agus í chur chun siubhail? 8Dubhairt sé leó: Do cheaduigh Maois daoibh-se, toisg an chroidhe cruaidh a bheith agaibh, bhúr mná do chur uaibh; ní raibh an sgéal mar sin, ámhthach, ó thusach.[3] 9Ach deirim-se libh, aoinne chuirfidh uaidh a bhean, ach amháin mar gheall ar dhrúis, agus do phósfaidh bean eile, go ndeineann sé adhaltranas; agus an t‑é a phósfaidh an bean a díbreadh, go ndeineann sé adhaltranas.[* 1]

10Dubhairt a dheisgiobuil leis: Má’s mar sin atá an sgéal ag duine i dtaobh a mhná, ní maith an rud pósadh. 11Agus dubhairt sé leó: Ní h‑é gach aoinne a ghlacann an chaint sin, ach an mhuíntir gur tugadh san dóibh.[* 2] 12Óir táid coillteáin do rugadh mar sin ó bhroinn a máthar; agus tá coillteáin gur thug daoine an cor san ortha; agus tá coillteáin a dhein iad féin do choillt ar son rígheachta na bhflathas. 13[4]An t‑é go dtig leis a ghabháil, gabhadh.[* 3]

Ansan do tugadh chuige aos óg, go ndéanfadh sé a lámh do chur ortha agus guidhe; agus bhí na deisgiobuil

  1. Gen. ii. 24.
  2. Deut. xxiv. 1.
  3. 1 Cor. vii. 10.
  4. .i. an t‑é a thuigeann, tuigeadh.
  1. Ver. 9. “Ach amháin,” ⁊rl., .i., Is dleaghthach bean do dhíbirt mar gheall ar adhaltranas, ach ní féidir do’n fhear bean eile do phósadh an fhaidh a bheidh an bhean a díbreadh beó.
  2. Ver. 11. “Ní hé gach aoinne a ghlacann an chaint sin,” .i., Ní geibheann hach aoinne maireachtaint singil agus geanmnaíghe mura n‑iarraid siad ar Dhia a ghrásta thabhairt dóibh chun san do dhéanamh, agus tá cuid acu san féin agus níor mhór dóibh trosgadh dhéanamh chómh maith le guidhe chun Dé, agus tugtar dóibh sin é anuas.
  3. Ver. 12. “Táid coillteáin,” ⁊rl.​—​Ná glactar an chaint seo do réir na leitire. Cialluigheann an chaint go bhfuil daoine ann agus go bhfuil ceapaithe ’n‑a n‑aigne acu fanmhaint singil, geanmnaighe i gcaitheamh a saoghail i dtreó go bhféadfidís réir Dé dhéanamh níb’ fhearr ’ná dá mbeidís pósta. Feic Pól. N. 1 Cor. vii. 37, 38.