dul roimis féin go dtí an taobh thall de’n uisge, chun go gcuirfeadh sé na daoine chun siúbhail. 23Agus chuir sé uaidh na daoine, agus [1]d’imthigh sé an cnoc suas i n‑a aonar chun úrnuighthe dhéanamh. Agus tháinig an tráthnóna, agus bhí sé ann i n‑a aonar. 24Ac bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n‑a coinnibh. 25Agus sa cheathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé ag triall ortha agus é ag siúbhal ar an bhfaraige. 26Agus nuair a chonacadar é ag siúbhal ar an bhfaraige, tháinig sgannra ortha. Samhail iseadh é, ar siad; agus bhíodar ag sgreadaigh le sgannra. 27Agus do labhair Íosa leó láithreach: Glacaidh misneach, ar seisean: Is mise atá ann. Ná bíodh eagla oraibh. 28Agus d’fhreagair Peadar: A Thigearna, ar seisean: má’s tusa atá ann, órduigh dómh-sa teacht ag triall ort ar bhárr an uisge. 29Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa. 30Ach chonaic sé an ghaoth láidir agus tháinig eagal air; agus nuair a thusnuigh sé ar dhul fé uisge do liúigh sé: A Thíghearna, ar seisean: saor mé. 31Agus do shín Íosa a lámh, agus do rug sé láithreach air, agus dubhairt sé: Ó a fhir gan puínn creidimh, cad chuige dhuit mearbhall a theacht ort? 32Agus nuair a thánadar ar an luing do stad an ghaoth. 33Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.
34Agus chuadar treasna na faraige, agus thánadar isteach i dtír Genésaret. 35Agus nuair a dh’aithin muintir na h‑áite sin é, chuireadar teachtairí tríd an ndúthaigh, agus thugadar ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte; 36Agus d’iarradar air leigint dóibh baint amháin le fabhra a bhrait; agus an méid a bhain, do slánuigheadh iad.