am’ chosaint ortha. Bhuaileas thórsa go léir isteach, idir ghadharaibh agus lucht cosanta. Bhuaileas suas chun na teine. Bhí sé tamall beag tar éis na h-oídhche thuitim. Nuair a shroiseas an teine chonac seana bhean bhreagh mhór bhrothalach mháithreamhail agus í n-a suidhe ar fhuarma i n-aice na teine, i leith mo láimhe clé. D’fhéachas uirthe agus d’imthigheas agus shuidheas ar chathaoir a bhí ar an dtaobh eile de’n teine. Níor labhras le h-aoinne agus níor labhair aoinne liom, ar feadh tamaill. Fé dheire do labhair an bhean mhór liom go breagh séimh sultmhar.
“Seadh, a gharsúin,” ar sisi, “cár ghabhais chúghainn?”
“Go deimhin,” arsa mise, “ba chóir go n-aithneóchadh sibh mé!” agus do gháireas.
Níor labhair aoinne ar feadh tamaill eile, ach bhí an bhean mhór ag cur na súl tríom. Fé dheire do labhair sí airís.
“B’fhéidir gur anoir a ghabhais chúghainn?” ar sisi.
“Is anoir,” arsa mise, “agus Peadar ua Laoghaire is ainim dom.”
“Seadh, a Pheadair uí Laoghaire,” ar sisi, “aithnighim go maith anois tú. Mac do Dhiarmuid iseadh thú.”
“Mac do Dhiarmuid iseadh mé,” arsa mise.
Do cuireadh gach aon chóir orm láithreach agus ní baoghal gur mhothuigheas aon doicheal rómham. Ní raibh aon bhlúire doichil sa n-áit eile rómham ach chómh beag, pé rud a chuir am’ aigne go raibh.
Chuas a chodla. Ach bhí an Mhangarta am’ aigne agam. Chómh luath agus chonac an chéad amhsgarnach de sholus an lae ar maidin bhíos am shuidhe agus amuich. Siúd síos mé go dtí an bóthar. Nuair a thánag ar an mbóthar d’fhéachas uaim ó-thuaidh. Ní raibh aon radharc