Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/91

From Wikisource
This page has been proofread.

a’ d’iaraidh teacht thar n-ais abhaile, go ndéanfinn-se ruith agus teacht rómpa dhó.

Chomáineamair linn iad, Daingean na Saileach siar; síos ar bhóthar Chnuic an Iúbhair; siar go Béal an Gheártha; siar tré Charaig an Adhmaid; siar chun an Mhuillinn. Ag an Muillean do chuamair ó-dheas thar an ndrochad. Ansan do chomáineamair an bóthar siar iad go Cúil Aodha; fan Loch’ an Bhogaidh siar; tré Dhoirín na Gréine; agus siar go bun an chnucáin mar a dtosnuighean an bóthar ag gabháil suas Cúm na n-Éag. Tháinig tuirse ar Mhicheál ag bun an chnuic sin. Dúbhairt sé liom-sa aire thabhairt dos na buaibh agus do shín an duine bocht ar thaobh an bhóthair agus choidil sé greas dó féin. Ní raibh aon locht ag na buaibh air sin. Bhí féar breagh glas ar gach taobh de’n bhóthar agus d’itheadar a ndóithin dé.

Nuair a bhí a ghreas codlata déanta ag Micheál agus greas maith ingír déanta ag na buaibh do chomáineamair linn airís iad; suas cliathán an chnuic go bara Chúm na n-Éag agus siar bóthar Neidín go dtí gur shroiseamair an Leitir Cheanan, nó, mar a dúbhairt file éigin nó bean chaointe éigin, “an Leitir ná léightear.”

Chuamair isteach i dtigh na ndaoine go mba leó an cnuc. Fuaramair rud le n-ithe agus le n-ól go fial. Bhí sé ’n-a thráthnóna mhór luath. D’fhan Micheál istigh, ach do chuas-sa i n-aonfheacht le fear óg de mhuíntir an tíghe a bhí chun na mbó do chomáint suas an cnuc chun na h-áite ’n-a rabhadar le fanmhaint, i dteannta na mbó eile a bhí ann ar an gcuma gcéadna.

Bhí bean ó’n gcómharsanacht san pósta, ar Prothus, i bparóiste Thuath na Droman, ag dritháir athar dómh-sa. An fhaid a bhíomair ag gabháil suas an cnuc bhí radharc againn ó-dheas ar na tighthibh a bhí ar an dtaobh theas