Jump to content

Page:Mo sgeal fein.djvu/85

From Wikisource
This page has been proofread.

Chromas ar na gamhna iasachta, dar liom, do dheighilt amach ó n-ár mbuaibh féin agus do chomháint soir abhaile. Ní raighdís soir dom. Pé dícheal a dhéanfainn ar iad a chomaint soir ní raighdís soir dom. Chonaic an mhuintir eile mé agus iad ag obair i bPáirc na n-Abhan. Bhíodar ag faire orm agus iad ag gáirí. D’innseadar dom ar ball gur linn féin na gamhna a bhí agam ’á chomáint chun siúbhail. Is amhlaidh a bhí na gamhna imthighthe as m’ aithne toisg mé bheith as baile chómh mór. Do castí liom go minic ’n-a dhiaigh san an dearmhad a dheineas. “Siné,” a deirtí, “an buachaill nár aithin a ghamhna féin!”

Lá éigin eile d’á dtánag abhaile bhí cúpla gabhar le tabhairt adtuaidh ó Leaba Dhiarmuda.

“Raghad-sa agus tabharfad liom iad,” arsa mise. Bhí an fonn orm chun an chnuic do shiúbhal. Chuireas an cnuc ó-thuaidh díom. Do shuidheas ar Fhaill na bhFiach ag féachaint uaim síos agus ag féachaint am’ thímpal ar na sléibhtibh. Nuair a bhí tamall maith caithte ansan agam bhuaileas an cnuc siar agus thugas tamall am’ shuidhe i n-áit eile. Fé dheire chuas síos go dtí an áit ’n-a raibh an dá ghabhar. Bhíodar ceangailte dh’á chéile. Chomáineas rómham iad an cnuc suas i dtreó go bhféadfainn teacht cómhgar an chnuic abhaile leó. B’fhearra dhom gur bh’ é an tímpal a gheóbhainn, soir go Caraig an Stáca, mar a raibh an cosán fé m’ chois agam. Ní h-é sin a dheineas, ach aghaidh a thabhairt ar an gcnuc. Ní raibh fhios agam go raibh oiread de’n lá caithte agam ag féachaint am’ thímpal. Um an dtaca ’n-a rabhas féin agus na gabhair ar mhullach an chnuic bhí sé i n’ oídhche dhubh. I dteannta é bheith i n’ oídhche dhubh bhí ceó tagaithe ar an gcnuc. Leis an ndoircheacht agus leis an gceó is ar éigin fhéadainn na gabhair a