ag triall ar Ua Goilídhe. Is dóich liom gur thugas leathbhliain ar an sgoil sin.
An uair sin díreach iseadh do h-osgaladh Coláisde Cholmáin i Mainistir Fhear Muighe. Níor bh’fhéidir dómh-sa, ná d’á lán dem’ shórd, dul isteach sa choláisde sin, mar do chaithfinn deich bpúint fichid sa mbliain do dhíol asam féin ann.
Nuair a h-osgaladh Coláisde Cholmáin bhí cuid des na sagartaibh ar fuid na dútha ag gearán go cruaidh ar an éagcóir a dhéanfadh an coláisde sin ar na buachaillíbh go raibh éirim aigne acu agus ná raibh an gustal airgid agá n-aithreachaibh. Mar gheall ar an ngearán do dhein an t-Easbog, an t-Athair Liam ua Catháin, socarughadh. Do shocaruigh sé, aon bhuachaill go mbéadh an éirim aigne thar bár aige agus ná béadh an t-airgead aige, go gcaithfí é ghlacadh saor isteach i gColáisde Cholmáin. Do shásaimh an méid sin a lán des na sagartaibh. Bhí cuid acu ná raibh sásta. Dúbhradar ’n-a n-aigne ná féadfadh an socarughadh san puínn tairbhe dhéanamh. Ná raibh aon airgead chun an choláisde choimeád suas ach an t-airgead a dhíolfadh na buachaillí asta féin ann. D’á bhrígh sin nár bh’ féidir ach fíor bheagán díobh a ghlacadh isteach saor, pé éirim aigne béadh acu. Dúbhairt a lán des na sagartaibh gur bh’ fhearr leigint do gach aon bhuachaill a chuid léiginn do sholáthar ’n-a rogha sgoil agus ansan an t-inead i gColáisde Mhaighe Nuadhat a thabhairt do’n bhuachaill ab fhearr. Dúbhairt tuille acu nár mhaith i n-aon chor an rud é sin. Gur mhór an osgailt aigne, agus an osgailt súl, d'aon buachaill caoi thabhairt dó ar raint aimsire chaitheamh i sgoil éigin phoibilidhe i n-aice an bhaile sar a’ raghadh sé isteach i gColáisde Mhaighe Nuadhat. D’á éagmuis sin, nuair a bhéadh triail comórtais idir