Ach go deimhin le fírinne is mó go mór an fhoghluim gan tuisgint a dheintí sa tseómra bheag úd ’ná an fhoghluim le tuisgint.
Ach ní rabhas ró fhada sa tseómra nuair a bhíos ag gabháil do “Chaesar.” Is cuimhin liom go rabhas lá éigin gan dul ar sgoil. Ní chuimhin liom anois an chúis a choimeád gan dul ann mé. Bhíos istigh i dtigh Sheághain uí Shéadha um thráthnóna agus mé ag gabháil do “Chaesar” ar mo dhíceal. Thánag go dtí an focal “propterea quod.” Bhí fhios agam gur bh’ ionan “propterea” agus “because.” “Agus,” arsa mise liom féin, “cad chuige an ‘quod’?” Bhíos i bpúnc. Ní fhéadfainn i n-aon chor a dhéanamh amach cad é an gnó a bhí ag an “quod” sa n-áit sin. Cé bhuailfeadh chúgham isteach ach an máighistir. Tháinig sé féachaint cad a choimeád ó’n sgoil mé an lá san. D’innseas dó. Bhí sé sásta. Dúbhairt sé go raibh eagal air gur breóite a bhíos. Siúd chun an leabhair mé.
“Look here, sir,” arsa mise, “what is the meaning of this ‘propterea quod’?”
“Oh,” ar seisean, “‘propterea quod’ is ‘because.’”
“But,” arsa mise, “what is ‘quod’?”
“Oh,” ar seisean, “that is quite simple. ‘Quod’ is ‘because’; ‘propterea quod’ is ‘because’;” agus d’fhéach sé orm chómh maith le n-a rádh, “You must be very stupid not to see that simple matter.”
Níor chuas níba shia ar an sgéal leis, nídh nár bh’iongnadh. Bhí “propterea” “because” agam. Agus bhí “quod” “because” agam. Agus bhí “propterea quod” “because” agam. Agus mura sásóchadh san mé, cad a shásóchadh mé?
Chuir an máighistir sin i gcuimhne dhom sgéal a dh’ airigheas abhfad roimis sin ó Sheághan ua Laoghaire,