agus is dóich leat é,” arsa’n fear eile. “Tá sgoil Laidne anso i Maghchromtha anois. D’fhéadfá a chur ar an sgoil sin anois agus ní bhéadh agat le díol as ach púnt sa rátha. I gcionn cúpla bliain nó trí, ó’n aithne atá curtha agam-sa air, do raghainn i n‑uradhas duit air, go mbéadh oiread Laidne agus Gréigise foghlumtha aige agus bhéarfadh isteach i gColáisde Mhaighe Nuadhat é. Ansan ní bhéadh ort aon leathphinne eile do chailleamhaint leis, agus i gcionn sé no seacht de bhlianaibh, dá mb’ é toil Dé go seasóch’ a shláinte, bhéadh sé ag teacht chúghat abhaile ’n‑a shagart. Tá an chúil-fhéith ann chun na foghluma agus an éirim. Má choimeádan tú sa bhaile é ní bheidh puínn d’á bhárr agat. Ní fhásfaidh sé ró mhór choídhche. Ní bheidh an téagar ná an neart ann ba ghádh chun sglábhaidheachta dhéanamh ar an bhfeirm, agus dá mbéadh féin tá do dhóithin conganta agat sa chuid eile de’n chlainn.”
B’ é crích an sgéil é gur shocaruigh m’ athair ar mé chur ag foghluim na Laidne.
IX
Sgoil Maghchromtha agus Coláisde Cholmáin
Bhí sgoil Laidne ar an dtaobh thall de’n drochad, i Maghchromtha, an uair sin, díreach ag bun an chaisleáin, ag firín beag d’ár bh’ainim Mac Nally. Do raghfá thar drochad anonn i dtreó an chaisleáin, agus nuair